LÉIRMHEAS: ‘Mac Piarais i bPictiúir’

Mura bhfuil do sháith d’imeachtaí faoi Éirí Amach 1916 feicthe agat go dtí seo, seo ceann nár mhiste freastal air.

Is léiriú é le Fíbín, ceann de na compántais dhátheangacha is mó sa tír, agus baineann sé casadh éagsúil as scéal laochra na Cásca.

Is é Harry McGee, fear ildánach The Irish Times, a scríobh an script agus cuireann sé an scéal inár láthair go dátheangach.

Tá a dheartháir, Dara McGee, le feiceáil i mbun péintéireachta sa dráma, forbhríste péinteála smeartha le péint á chaitheamh aige agus tacais (easels) taobh thiar de.

Bhraithfeá go bhfuil tú sa stiúideo leis ar uairibh.

Mac Piarais

Baineann sé feidhm as gualach mar uirlis líníochta, is cosúil, chomh maith le smearadh uisce agus roinnt bundathanna péinte.

Agus is faoi luas lasrach a dhéanann sé na pictiúir, sé cinn de phéintéireachtaí curtha de aige taobh istigh d’uair an chloig. Stíl éasca shimplí a chleachtann sé a théann i gcion ort de réir a chéile.

Tá go leor san insint a bheidh cloiste agaibh cheana ach tá leagan amach éagsúil ag Harry McGee ar an scéal; tógann sé carachtair agus léargais úra isteach ann chomh maith.

Tá súil an chomhfhreagraí pholaitiúil le brath ar an bpíosa chomh maith.

Cloistear scéal na sé lá, agus déantar péintéireacht ar an láthair, os do chomhair amach, mar chúlra leis an scéal.

Feictear na foirgnimh, ceannairí an Éirí Amach agus tuilleadh.

Tá tionlacan ceoil leis chomh maith.

Cloistear ‘Grace’, ‘The Foggy Dew’, ‘Óró ‘s é do Bheatha Abhaile’ agus foinn ar an bhfeadóg mhór a chuireann go mór leis an bpíosa.

Is léiriú éagsúil é seo a choinníonn suim an tslua ainneoin sinn a bheith ar maos in ábhar faoi 1916 le fada an lá.

Bhí laigí áirithe ar an léiriú a chonaic mé.

Corruair, bhíodh an ceol agus an chaint ag teacht salach ar a chéile.

D’fhág sé sin, mar aon leis an bhfoghraíocht nach raibh iontach soiléir, go raibh deacracht ann píosaí a thuiscint i dtús an ruda, ach socraíodh isteach ann go maith.

Ní léiriú gan locht é ach fágann an ceol, an chaint agus an phéintéireacht a bhíonn ar fad ar bun ag an am céanna nach mbeidh nóiméad leadráin ort.

Anuas air sin, tá críoch an-láidir ar fad leis an bpíosa agus cinntíonn sé gur láidre go mór an uile rud a tháinig roimhe dá bharr.

Beidh léiriú ar siúl ag Body&Soul an deireadh seachtaine beag seo agus moltar súil a choinneáil amach dó ag féilte eile go leor i rith an tsamhraidh.

SCÉALTA EILE