Meafar go leor le feiceáil i léiriú cumasach

‘Mná le Sagartóireacht’, nó MLS, an eagraíocht chonspóideach atá ag cruthú trioblóide don Eaglais Chaitliceach i ndráma nua Biddy Jenkinson, Beannaithe, atá á léiriú faoi láthair in Amharclann an Smock Alley ag an gcomplacht Guthanna Binne Síoraí. 

Ní gá a rá ach go bhfuil script Jenkinson, a bhfuil a dindiúirí cruthaithe go maith aici, thar barr. Tá carachtair iomlána chríochnaithe cumtha aici, agus script atá lán grinn ach a chíorann ceisteanna tromchúiseacha freisin scríofa aici. 

Ní féidir breathnú ar MLS gan na gluaiseachtaí móra sóisialta atá i mbun oibre ar fud na cruinne a thabhairt chun cuimhne — mheabhraigh an t-ainm BLM Mheiriceá dom go háirithe, agus, ar ndóigh, mheabhraigh meon na heagraíochta ficsin gluaiseacht na mban in Éirinn dom. 

Dá fheabhas an script, rith sé liom go mbeadh an dráma seo seacht n-oiread níos cumhachtaí — agus níos cróga seans — dá scríobhfaí leathchéad bliain ó shin é agus Eaglais Chaitliceach i mbarr a réime. Oirniú na mban ina sagairt atá ina phríomhábhar pléite i Beannaithe agus, cé go mbreathnaítear go mion ar cheisteanna níos leithne ná sin ann, is ábhar é ar cuma leis an mórphobal anois faoi.

Bhí raic ann nuair a cuireadh An Triail le Mairéad Ní Ghráda ar an ardán den chéad uair agus le mo linn féin bhí tuismitheoirí ann nach raibh sásta go raibh an dráma áirithe sin ar shiollabas na hArdteiste — comharthaí, is dóigh, gur sárdhráma atá ann. Mar sin féin, is máistir í Jenkinson agus mura dtarraingíonn a dráma conspóid is dóigh nach raibh sé i gceist aici conspóid a tharraingt leis — níl ann ach gur airigh mé gur tháinig an dráma seo beagáinín rómhall. 

Scoth na haisteoireachta a bhí le feiceáil i Scoil na mBuachaillí i Smock Alley aréir, agus chuile dhuine den chliar i mbarr a réime. Dairíne Ní Dhonnchú, Bríd Ní Ghruagáin agus Áine Ní Mhuirí atá i róil na mban rialta a díbríodh óna gclochar le deireanas agus Cillian O’Dee ina Monsignor a sheoltar le smacht a choinneáil ar an mbean rialta Míde Ní Shé (Ní Dhonnchú), ar mó a spéis i misean carthanachta agus sóisialta a heaglaise ná a nósanna agus seanghnáis. 

Ba í Ní Mhuirí is mó a chuaigh i bhfeidhm orm mar aisteoir. D’éirigh léi an tseanbhean a thug a saol dá creideamh agus dá heaglais a chur in iúl go nádúrtha agus nuair a thagann an casadh i ndriobal an scéil, ní loiceann uirthi an fhorbairt ar a carachtar a léiriú ar bhealach atá inchreidte. 

O’Dee an t-aisteoir eile a sheas amach agus an Eaglais seanfhaiseanta Chaitliceach i gcolainn dhaonna curtha os ár gcomhair aige. Tá meafair go leor le feiceáil ina léiriú cumasach ar an Monsignor a dteastaíonn uaidh cúrsaí a choinneáil mar atá agus na mná ceannairceacha a choinneáil faoi chois. 

Baineadh úsáid mhaith as fearais agus stáitsiú le spás mór a dhéanamh den amharclann bheag teoranta agus chuir láthair eaglasta Smock Alley go mór leis an léiriú. B’fhiú an deis a thapú agus an dráma seo a fheiceáil. 

SCÉALTA EILE