Na Gaeil i mbun gáire

Tá an t-aon chlub grinn lán-Ghaeilge ar domhan ar ais arís an deireadh seachtaine seo.

Fillfidh GaelGÁIRÍ ar Chlub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn tar éis gig den scoth bheith acu roimh an Nollaig nuair a chuir Michael Mee agus Kevin McAleer an slua sna trithí.

An uair seo tá na Gaeil ghreannmhara ag iarraidh ceiliúradh a dhéanamh leis an bpobal ar dheireadh Eanáir Tirim agus “filleadh ar ghnáth-alcólachais na bliana” le gig ghrinn na míosa.

Beidh Máirtín Angolo, Áine ‘Aisteach’ Gallagher, Cillian ‘An Cheoil’ Ó Braonáin agus Hilary Bowen Walsh Murphy Wiggenstein Hanaphy i mbun siamsa ar an oíche, mar aon le roinnt fuirseoirí speisialta agus Eoin P. Ó Murchú mar fhear an tí.

Eagraíonn an club grinn gigeanna míosúla ar an Satharn deiridh den mhí agus níl aon amhras ach go mbeidh súile, agus beola, fliucha ag ócáid na míosa seo.

ggaire-eanair


Abair jóc!

Cén fáth go raibh an mac léinn déanach ar maidin? Toisc go raibh an trácht-as an-trom!

Cén chathair is airde san Eoraip? Barr-celona!

Cén Ghaeilge atá ar recurrent dermatitis? Ar ais arís!

Má mheasann tú gur féidir jócanna níos fearr na sin a chumadh bígí i dteagmháil!


Bígí leo Satharn 31 Eanáir. Tosú ag 9in go pras. Costas €3. Club Chonradh Na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, BÁC.

Is féidir teacht orthu ag gaelgairi@gmail.com, Facebook nó Twitter @gaelgairi

SCÉALTA EILE