Pribhléid na haisteoirí Gaelacha seo a fheiceáil i mbarr a réime

Ag dul isteach ag dráma nua Dharach Mhic Con Iomaire, Baoite, ní raibh a fhios agam céard leis a raibh mé ag súil, ach is cinnte nach raibh mé ag súil leis an tús a bhí aige. Níl mé ag iarraidh an scéal a mhilleadh oraibh, ach sula scríobhaim a thuilleadh, mholfainn do chuile dhuine dul ag an dráma seo chun bheith páirteach san oscailt roimh dheireadh na féile ealaíon. 

Ní bheidh taithí mar é le fáil in aon áit eile, agus is é an tús is cruthaithí agus is samhlaíche atá feicthe agam ariamh. Ina dhiaidh sin, téann an dráma fiontrach seo sa tseans ar go leor gnéithe eile agus cé nár oibrigh chuile rud domsa, d’oibrigh a bhformhór, agus caithfear an chruthaitheacht a mholadh go hard. Ba é an ceol iontach nuachumtha, an stáitsiú den scoth, na carachtair láidre agus an aisteoireacht den scoth sméara mullaigh an léirithe dar liom. 

Is pribhléid cheart é na haisteoirí Éireannacha, Gaelacha seo a fheiceáil i mbarr a réime. Tá cliar láidir anseo, agus is léir gur bhain siad súp as an tsaoirse chruthaitheach a thagann leis an dráma, agus na gnéithe éagsúla drámata a bhaineann leis. Tá scil ar leith ag Mac Con Iomaire le carachtair. Agus mé ag fágáil na Taibhdheirce, is iad na carachtair agus mothúcháin na gcarachtar a d’fhan liom. 

Tá Siobhán O’Kelly, Diarmuid De Faoite agus Seán T. Ó Meallaigh ar fad thar cionn, ach caithfear aitheantas speisialta a thabhairt do Mhacdara Ó Fátharta. Tá gnéithe éagsúla ag baint lena charachtar Pat, agus déanann Ó Fátharta jab den scoth na gnéithe éagsúla sin a léiriú agus an dráma ag dul ar aghaidh. 

Mar sin féin, cé go bhfuil na carachtair sa dráma láidir agus réalaíoch, titeann an dráma síos domsa de bheagán leis an scéal. Nílim ag iarraidh aon rud a rá faoin scéal féin, ach tá sé duairc gan faoiseamh ná briseadh ón ngruamacht, agus táim cinnte gurb é sin a bhí uaidh Mhac Con Iomaire, ach baineann sé d’éifeacht an scéil ar an iomlán agus gach aon ghné dhorcha bhrónach a tharraingítear isteach sa scéal ag teacht sa mullach ar a chéile. 

Ní hé sin le rá nach bhfuil an scéal suimiúil agus tarraingteach, ach faoi dheireadh an dráma bhí mé tugtha agus traochta ag chuile ghné uafásach a cuireadh inár láthair ón tús. Tá luas lasrach leis, áfach, agus i gcás dráma nach mbeadh scríbhneoireacht chomh láidir céanna ann, bheadh sé leamh nó leadránach, ach mar gheall go mbogann sé chomh sciobtha sin agus go bhfuil na carachtair chomh tarraingteach sin, ní clamhsán mór é seo. 

Tá nós ann i saol na Gaeilge aon saothar nua ealaíne a mholadh gan aon ráiteas diúltach ina aghaidh, agus ní raibh mé ag iarradh go dtarlódh sé seo sa léirmheas seo. Chuaigh mé isteach ag iarraidh a bheith ionraic agus macánta i mo léirmheas, agus ní féidir liom an dráma seo a mholadh níos mó. Idir cheol agus aisteoireacht, ní fheicfidh sibh aon léiriú níos cruthaithí i rith Fhéile Ealaíon na Gaillimhe.

Faigh ticéad do ‘Baoite’ sa Taibhdhearc anseo.

SCÉALTA EILE