Tá rannpháirtithe á lorg ag an ngrúpa AerachAiteachGaelach le páirt a ghlacadh i leagan Gaeilge den ‘Snatch Game’ a bhíonn mar chuid den chlár mór teilifíse Ru Paul’s Drag Race. Beidh an ‘Cluiche Snatch’ á reáchtáil ag AerachAiteachGaelach i gcomhar leis an Queercal Comhrá le haghaidh na féile Bród i mbliana.
“Seo spraíúil ina ngléasfaidh na rannpháirtithe mar charachtair cháiliúla agus ina bhfreagróidh siad ceisteanna éadroma seafóideacha ‘líon-an-bhearna’,” a ghealltar agus táthar sa tóir anois ar aisteoirí, fuirseoirí, taibheoirí draig, lucht leanúna an chláir Drag Race agus “aon duine eile a bhfuil féith an ghrinn ann” páirt a ghlacadh sa seó.
“Tá failte roimh chách beag bean ar inscne ná ar chlaonadh gnéis agus tá cead carachtar d’aon inscne a chur i láthair. Is trí Ghaeilge ar fad a dhéanfar an seó ach ní gá go ndéanfá aithris ar dhuine le Gaeilge, tá lánchead agat carachtar le teanga eile a roghnú agus Gaeilge a chur ina mbéal,” a dúirt Kevin Johnson, atá ina léiritheoir ar an seó.
Bronnfar duais €300 ar an té a bhuafaidh an comórtas, duais atá urraithe ag Foras na Gaeilge agus Oireachtas na Gaeilge.
Seoladh foirm iarratais ar líne inné agus is gá do dhuine ar bith a bhfuil spéis aige sa chomórtas an spéis sin a léiriú faoin 16 Aibreán. Déanfar an taifeadadh ar Zoom i mí na Bealtaine agus craolfar an seó le linn na féile Bród ar an 26 Meitheamh ar chuntas YouTube AerachAiteach Gaelach.