Is oíche filíochta nua í REIC a bheidh ar siúl san ardchathair amárach mar chuid den 5 Lamps Arts Festival agus Seachtain na Gaeilge.
Labhraíomar le Ciara Ní Éanacháin, bean an tí ar an ócáid, le tuilleadh a fháil amach.
Cén sórt ruda a bheidh ar siúl ar an oíche?
Filíocht le béim ar an bhfocal labhartha atá i gceist. Níl teorainn dhocht ar cad atá i gceist leis sin ach an oiread. Is iontach an réimse leathan atá i ndán don lucht féachana; beidh dánta, rapcheol agus amhráin i nGaeilge agus Béarla araon.
Cad as a d’fhás REIC?
Cuireadh leabhrán le chéile leis an bPuball Gaeilge ag Electric Picnic anuraidh dar teideal Línte Leictreacha, ina raibh mé féin páirteach. Ina dhiaidh chuaigh Róisín Lonergan, stiúrthóir an 5 Lamps Festival, i dteagmháil liom maidir le hoíche filíochta a eagrú agus bhí mé lán sásta tabhairt faoi!
Cé a bheidh ag glacadh páirte?
Beidh an iliomad file nua-aimseartha ag cruinniú le chéile: Séamus Barra Ó Súilleabháin, MC Muipéad, Temper-Mental MissElayneous, Marcus Mac Conghail, Eoin P. Ó Murchú, agus Eva O’Connor.
Cad is brí le REIC?
Fuair mé an focal ón nGàidhlig, áit a gciallaíonn sé rud a dhíol ach chomh maith leis sin, rud a rá nó a scread amach. B’fhéidir nach bhfuil sé in úsáid go forleathan in Éirinn anois ach tá sé i bhFoclóir Uí Dhónaill, mar sin táim slán!
Cá mhéad isteach?
€5 ag an doras, agus tá sé BYOB!
Amach anseo?
Táimid ag súil le rud rialta a dhéanamh as REIC, go deimhin. Chomh maith leis na hoícheanta a eagrú, ba mhaith linn físeáin a chur ar líne le go mbeidh muid in ann pobal filíochta a chruthú. Tá Séamus Barra tar éis tús a chur leis sin cheana.
Aon rud eile?
Tá roinnt daoine tar éis dul i dteagmháil liom cheana féin maidir le ‘open mic slot’ a thógáil ach tá spás nó dhó fágtha fós. Téigh i dteagmháil!
Beidh REIC ar siúl in Áras Scríbhneoirí na hÉireann, Déardaoin 19 Márta, 7.30-9.30in.