Beidh REIC, an oíche filíochta, ceoil, agus rapcheoil, ar siúl den tríú huair san ardchathair an Aoine bheag seo.
Bhí an chéad ócáid ar siúl i mí an Mhárta mar chuid den 5 Lamps Arts Festival agus Seachtain na Gaeilge, agus tá an oíche tar éis leanúint ar aghaidh go rialta ó shin.
Bhí an ceoltóir Rónán Ó Snodaigh ó Kíla ag seinm ag an REIC dheireanach, chomh maith le Marcus Mac Conghail, chomhbhuaiteoir Ghradam Filíochta Mhichíl Uí hAirtnéide 2015.
I measc na bhfilí a bheas ag REIC an babhta seo, feicfear beirt fhear éagsúla atá tar éis an bonn óir san All Ireland Poetry Slam a bhuachan; Séamus Barra Ó Súilleabháin (2011) agus John Cummins (2013).
Tá blaiseadh d’obair iontach Shéamuis thíos.
“Tá scoth na bhfilí agus na gceoltóirí againn sa tír seo,” arsa Ciara Ní Éanacháin, bunaitheoir REIC, “agus measaim go bhfuil sé tábhachtach go mbíonn deis ag daoine iad a fheiceáil beo.”
Agus tá sé ag fás i gcónaí.
Feicfear REIC i nGaillimh i mí Mheán Fómhair agus mar chuid den bhféile LINGO i mí Dheireadh Fómhair.
Beidh Reic ar siúl amárach 17 Iúil sa Generator Hostel, Margadh na Feirme ó 19:30-22:00