Reic & GaelGÁIRÍ

Beidh reacairí iomráiteacha na hardchathrach ag tabhairt aghaidhe ar Chathair na dTreabh Dé hAoine, an 15ú Iúil d’oíche mhór filíochta, dánta agus scéalaíochta – agus ní bheidh siad ina n-aonar óir beidh muintir GaelGÁIRÍ ag dul in éindí leo!

Seo an chéad uair ag Reic a bheith á reáchtáil i nGaillimh agus táthar ag súil le hoíche den scoth i dteannta Ghaeil an iarthair.

Do dhuine ar bith nach raibh riamh i láthair ag Reic, imeacht fuinniúil atá ann ina ndéantar ceiliúradh ar an fhocal labhartha.

Bíonn meascán de dhánta, amhráin, rap agus scéalta i nGaeilge agus i mBéarla le cloisteáil, agus ní bheadh a fhios agat cad eile i bhfírinne.

Mar is dual do Reic, beidh 10 nóiméad ag gach oirfideach ar an stáitse, rud a chuireann le héagsúlacht agus siamsa na hoíche.

Meallann sé plúr na n-aíonna agus slua breá i gcónaí agus seachtain ón Aoine, beidh na filí Kevin Higgins, Seosamh Ó Guairim agus Anne Marie Kennedy ag dul ar an ardán.

Beidh Cillian Ó Braonáin, scéalaí agus fuirseoir aitheanta as Corcaigh, agus na ceoltóirí MC Muipéad agus Emma Ní Chearúil ann chomh maith.

Ag labhairt di le NÓS, dúirt bunaitheoir Reic, Ciara Ní Éanacháin, a bheidh mar bhean an tí ar an oíche, go bhfuil sí an-sásta Reic a thabhairt go Gaillimh.

“Bhí mé ag iarraidh oíche a eagrú i nGaillimh le fada. Is cathair iontach í. Cuirtear an oiread imeachtaí iontacha ar siúl sa chathair, agus tapaím an deis dul ann go minic.

“Tá pobal éagsúil ann agus táim ag tnúth le bualadh leo, agus b’fhéidir go mbeadh roinnt daoine ann ar spéis leo bheith páirteach in Reic amach anseo, bíodh sé i nGaillimh arís nó i mBaile Átha Cliath,” ar Ciara.

Más duine de na daoine sin thú ar mhian leo tabhairt faoin mhaidhc oscailte, déan teagmháil le reic.eire@gmail.com


GaelGÁIRÍ ar ais i nGaillimh!

Cinnteoidh GaelGÁIRÍ go leanfar leis an spraoi sa Chlub ag 9in tar éis Reic.

Beidh Áine Gallagher, a tháinig sa dara háit ag na ‘Funny Women Awards’ i Sasana anuraidh, ar an ardán, chomh maith leis an Chorcaíoch chumasach Cillian Ó Braonáin agus lucht Raiméis.

Is minic oíche go maidin ann nuair a thagann na Gaeil le chéile agus cinnteoidh an DJ Will Softly go mbeidh ceol san aer ag oíche chlub @45 a leanfaidh an dá imeacht.

Tá muid ag tnúth go mór leis.

Idir an dá linn, caithimis spléachadh air seo!


*Beidh sólaistí ar fáil ag 6in agus meabhraítear do na Gaeil go gcuirfear tús le Reic ag 7in a chlog (ar bhuile na huaire) i gClub Áras na nGael, 45 Sráid Dhoiminic, Gaillimh.

Rachaidh GaelGÁIRÍ ar ardán ina dhiaidh sin ag 9in.

Ná bígí déanach nó caillfidh sibh an spraoi!

SCÉALTA EILE