“Rinne sé beart de réir a bhriathair”
'Ó Pheann an Phiarsaigh' ag oscailt Dé hAoine!

Ón Phiarsach féin a tháinig formhór na bhfocal a bheas le chloisteáil sa léiriú nua Ó Pheann an Phiarsaigh le Noel Ó Gallchóir, a osclóidh i nGort a’ Choirce, oíche amárach, Dé hAoine, 26 Feabhra.

Suite i bPríosún Chill Mhaighneann, an oíche sula bhfuair sé bás agus an mhaidin a scaoileadh é, déantar ceiliúradh sa léiriú drámata seo ar shaol, ar shaothar agus ar fhís an Phiarsaigh, duine de mhórlaochra ár linne.

Ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de go háirithe, is cinnte gurbh é Pádraig Mac Piarais an laoch ba mhó de chuid Éirí Amach na Cásca in 1916.

“Smaoinítear air mar réabhlóidí agus níl dabht ar bith faoi sin ach b’oideachasóir mór é, b’fhear mór litríochta é, fear mór Chonradh na Gaeilge a bhí ann chomh maith,” a dúirt Noel Ó Gallchóir, aisteoir agus scríbhneoir aitheanta as Tír Chonaill atá taobh thiar den léiriú.

“Scríobh sé cuid mhór i nGaeilge agus i mBéarla, ar réimse leathan ábhar, ón scríbhneoireacht chruthaitheach, go dtí a thuairimí faoin oideachas, ábhar a bhain lena dhearcadh polaitíochta agus go leor rudaí eile.”

Noel

Mhínigh Noel, a bhfuil na blianta caite aige ag léamh faoin Phiarsach, go ndearnadh iarracht sa léiriú aird a tharraingt ar na gnéithe éagsúla de shaol an Phiarsaigh.

Tá na píosaí Gaeilge is fearr a scríobh sé fite fuaite sa léiriú seo mar atá: na dánta ‘Fornacht do chonac thú’ agus ‘Brón ar an mBás’; gearrscéalta aitheanta mar ‘Eoghainín na nÉan’ agus ‘Oró Sé do Bheatha ‘Bhaile’, ceann de na hamhráin mhóra a chum an Piarsach.

Agus é marú in aois a 37, is deacair a shamhlú an méid ar éirigh leis an Phiarsach a bhaint amach ina shaol gairid.

Fear gnímh ab ea é, a bhunaigh dhá scoil iar-bhunoideachais i mBaile Átha Cliath, a chaith seal mar eagarthóir, a d’fhág saothar fairsing mar oidhreacht i nGaeilge agus i mBéarla agus a raibh baint mhór aige le hÉirí Amach 1916.

“Fear a bhí ann a rinne beart de réir a bhriathair, agus sin an rud a thaitníonn liomsa faoi.”

“Chreid sé go láidir go raibh ag éirí chomh maith sin leis an chóras oideachais dul i bhfeidhm orainn mar nach raibh an chuid is mó againn ar an eolas go raibh sé ag déanamh sclábhaithe dínn agus bhunaigh sé dhá scoil Ghaeilge, rud nach raibh furasta ag an am, atá mar eiseamláir anois ag gaelscoileanna timpeall na tíre,” arsa seisean.

Scríbhneoir bisiúil léannta agus fear cróga a bhí sa Phiarsach ach ní saighdiúir a bhí ann.

“Agus iad sa GPO an tseachtain deireanach, bhí Pádraig ag dul thart ag spreagadh na bhfear agus é aislingeach agus d’ordaigh an fear míleata, Tomás Ó Cléirigh, tábla a chur ar fáil don Phiarsach agus peann a chur ina lámh, ionas nach mbeadh sé sa bhealach,” arsa Noel ag gáire.

“Níor shaighdiúir é b’fhéidir ach rinne sé beart de réir a bhriathair. Chreid sé san iarracht agus fuair sé bás.”


Osclóidh ‘Ó Pheann an Phiarsaigh’ i Halla an Pharóiste, Gort a’ Choirce, Dún na nGall san oíche amárach ag a 7.30in mar chuid de cheiliúradh Choláiste Uladh. Tuilleadh eolais faoin seó amárach agus dátaí eile anseo. Costas: €10.

Tabharfaidh Noel camhchuairt na tíre lena sheó nua sna míonna amach romhainn.

Idir an dá linn, tá dea-scéala ag BBC Raidió Uladh agus dhá chlár speisialta faoi Sheosamh Mac Grianna sa sceideal acu anocht agus san oíche amárach, bunaithe ar dhráma Noel Uí Ghallchóir, ‘Idir Dhá Cheann na hImní’. Tiúin isteach anocht, Déardaoin ag 7in agus oíche Aoine ag 7.15in. HUP!