Beidh an complacht Ériu ar ardán na Taibhdheirce an tseachtain seo chugainn lena leagan úrnua de shaothar clasaiceach Oscar Wilde Salomé, a bheidh á chur i láthair acu trí mheán an damhsa agus na Gaeilge.
Is é an damhsóir aitheanta Breandán de Gallaí a rinneadh an chóiréagraíocht don taispeántas nua seo agus is é atá ina chomhstiúrthóir freisin air, i gcomhar le Joe O’Byrne. Is é de Gallaí a bheidh i ról Héaróid sa léiriú freisin.
“Léiriú éachtach agus físiúil ina n-úsáidtear téamaí atá fós ábhartha sa lá atá inniu ann chun brúidiúlacht an olcais a phlé agus an leochaileacht dhaonna chur i láthair,” a ghealltar agus “an glór, an corp, agus an ceol fite fuaite lena chéile” ann.
Beidh an léiriú ar an ardán mar chuid de Fhéile Ealaíon na Gaillimhe a bheidh ar siúl níos deireanaí an mhí seo agus tá ticéid ar fáil ó shuíomh oifigiúil na féile, chomh maith le suíomh na Taibhdheirce féin.
Ar na damhsóirí a bheidh ar an ardán beidh Sarah Fennell i ról Shalómae, Siobhán Manson i ról Héaróidias, John Fitzgerald i ról Íochánáin, Odhrán McLaughlin i ról an tSiriaigh Óig, agus Dane McKiernan i ról Ghiolla Héaróidias, i measc damhsóirí eile.
Beidh an léiriú i nGaeilge ach beidh fortheidil Bhéarla ann.