Seo chugaibh na Baird Nua-Aoiseacha


Tiocfaidh cuid de na filí, ceoltóirí agus reacairí is nuálaí sa saol Gaelach le chéile i nGaoth Dobhair an tseachtain seo mar chuid d’Fhéile Ealaíne An Earagail.

‘Na Baird Nua-Aoiseacha’ is teideal don cheiliúradh ar leith seo a bheas ar siúl Dé Céadaoin 22 Iúil agus ina mbeidh ceannródaithe as Éirinn agus Alba ag tabhairt a léiriú spreagúil féin ar an traidisiún arb as dóibh.

As an taobh seo de Shruth na Maoile beidh Séamus Barra Ó Suilleabháin i mbun aicsin, file óg de bhunadh Chiarraí a bhíonn ag rapáil agus ag réabadh focal fud fad na tíre; an t-amhránaí aitheanta Doimnic Mac Giolla Bhríde atá díreach fillte ó chamchuairt i SAM agus nach mbíonn aon eagal air cumadóireacht chomhaimseartha a chur lena stór saibhir sean-nóis; agus Eoghan Mac Giolla Bhríde, stiúrthóir buach scannáin agus scríbhneoir cumasach a bheidh á thionlacan ar an oíche ag meascán meallacach ceoil.

baird-nua-aoiseacha

In éineacht leis an triúr Éireannach beidh an ceoltóir ildánach Albanach Griogair Labhruidh a bhfuil splanc bainte as saol na Gàidhlig aige lena hip hop is úire; Joy Dunlop, ar ainmníodh í mar Amhránaí agus Damhsóir Traidisiúnta na Bliana ag Féile Phan-Cheilteach 2015; agus Niall Ó Gallchóir, iriseoir polaitiúil le BBC Alba a fhoilseoidh a dhara cnuasach filíochta Suain nan Trì Latha ar an bhliain seo chugainn.

Beidh comhoibriú Gaeilge-Gàidhlig le linn na ceolchoirme fosta mar go bhfuil aistriúchán déanta ag Eoghan ar dhánta úra Néill agus ceol nua curtha ag Doimnic leis an dán ‘Beatha Ur’.

Is in Óstán na Cúirte i nGaoth Dobhair a bheas na baird nua ar ardán. Tosaíonn an ghig ar 8.30in agus tá €8 ar an doras.

Níos luaithe sa lá, ar 2in in Ionad Pobail Dhún Lúiche, beidh ceardlann chomhrá ag na healaíontóirí ina bpléifidh siad na gnéithe éagsúla a bhaineann lena gceird. Tá cead isteach saor in aisce agus fáilte roimh chách.

SCÉALTA EILE