Agus stádas nua bainte amach ag an fhuirseoir óg, tá Áine Gallagher – a thuill an teideal ‘An 5ú fuirseoir Gaeilge is Greannmhaire in Éirinn’ – réidh lena haghaidh a thabhairt ar Chathair na dTreabh.
Cuirfear seó úrnua aonair Jane’s Next Step, ó pheann na mná rua, i láthair anocht agus amárach mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge in Áras na nGael, Gaillimh.
Ag labhairt le NÓS di, dúirt Áine go bhfuil sí ag súil leis an scéal is déanaí i saol Jane a roinnt le muintir na Gaillimhe.
Glacann Áine carachtar Jane ar stáitse, agus sa seó is déanaí seo tugann Jane fúithi Gaeilge a mhúineadh don lucht féachana.
“Tá giúmar tirim agus fuarchúiseach agam agus tháinig an carachtar Jane amach asam go nádúrtha nuair a thosaigh mé ag gabháil don ghreann ar stáitse ceithre bliana ó shin,” arsa Áine.
“Bean cineál cúláilte atá inti, a bhfuil a stíl agus a léamh spéisiúil féin ar an domhan.”
Great show, and we learnt a lot of Irish :)! @AineGallagher3 ‘Jane’s Next Step’ #muscailt @SnaGaeilge pic.twitter.com/iPdHLOfzmO
— MUSCAILT (@Muscailtarts) March 7, 2016
“Is cuma má tá Gaeilge líofa agat agus nó má cheapann tú nach bhfuil Gaeilge ar bith agat, tuigfidh tú é,” a dúirt sí.
Is i dteannta mhuintir GaelGÁIRÍ a tháinig Áine i réim i saol na Gaeilge agus dúirt sí gur bhreá léi a leithéid de chlub grinn a chruthú san iarthar.
“Tá GaelGÁIRÍ an-ghníomhach i mBaile Átha Cliath agus déanann siad seónna ar fud na tíre chomh maith ach ba bhreá liom brainse de GaelGÁIRÍ a chur ar bonn i nGaillimh,” ar sí.
“Tá daoine thart agus tá go leor deiseanna ann.”
Féachaigí ar bhlaisín beag d’Áine ar stáitse ó G.I.G: An Gaeilgeoir is Greannmhaire a craoladh ar TG4.
Luaigh Gaeil na Gaillimhe nó NÓS ag an doras agus ní bheith ach €5.00 ar thicéad!
Cuirfear tús le ‘Jane’s Next Step’ in Áras na nGael, Sráid Doiminic, anocht ag a 7.30 agus Dé hAoine, 11 Márta, ag 8.30in. Tuilleadh eolais anseo.