“Sláinte” a bhéic stiúrthóir Stutterer Benjamin Cleary ar ardán na nOscar aréir agus an mórghradam don ‘Gearrscannán Aicsin Beo is Fearr’ in airde sa spéir aige.
“Every day is a proud day to be Irish, but today more than usual,” a dúirt sé!
“SLÁINTE!”
Ghabh fear na hardchathrach buíochas leis na daoine a thacaigh leis, agus lena ndeachaigh sa seans leis, agus é ina stiúrthóir óg nach raibh iomrá ar bith air.
Insítear sa ghearrscannán, a bhí mar rogha na coitiantachta don duais iomráiteach, scéal fir óig a théann i muinín an idirlín chun caidreamh a fhorbairt agus stad sa chaint á choinneáil faoi cheilt aige.
Mar a bhí tuartha, tháinig Brie Larson (The Room) amach chun tosaigh ar spéirbhean Cheatharlach Saoirse Ronan, a raibh cuma na galántachta uirthi i ngúna álainn glas le Calvin Klein.
Chaill ceann feadhna Steve Jobs, Michael Fastbender, amach ar ghradam sa rannóg ‘Aisteoir is Fearr’.
Leonardo de Caprio a sciob leis an mhórdhuais sa rannóg chéanna, as scoth an taispeántais in The Revenant.
Is deas linn gur thapaigh Leo an deis le labhairt amach faoin timpeallacht, faoi bhundúchasaigh & faoi thodhchaí na daonnachta san óráid bhuaite Oscar s’aige.
Oíche mhór a bhí ann do na Gaeil trí chéile agus ba dheas an rud é go raibh Gaeilge le cloisteáil ag na milliún duine!
Comhghairdeas mór tuillte ag an uile dhuine a bhí páirteach.
Seo chugaibh blaisín beag den ghearrscannán buach Stutterer!