DRÁMA: The End, le Samuel Beckett, léirithe ag an gcomhlacht Mouth on Fire / 26 Eanáir – 31 Eanáir
Ní féidir díomhaointeas a chur i leith Marcus Lamb. Cé go mbíonn obair aisteoirí fánach agus mírialta, tá Marcus coimeádta ag imeacht le roinnt seachtainí anuas.
Is i bpáirt Des O’Malley a bhí sé le feiscint sa tsraith faoin iar-Thaoiseach Cathal Ó hEochaidh, Charlie, gach Domhnach le trí seachtainí anuas.
Bhí sé gafa le cúraimí poiblíochta le haird a tharraingt ar an saothar chomh maith céanna; chuala an-agallamh leis féin agus Aidan Gillen ar an gclár ealaíne Arena, ar RTÉ Raidió a hAon, agus caint acu faoi.
Tá sé fillte le déanaí ó Shanghai, áit ar léiríodh an dráma Waiting for Godot, leagan leis an gcomhlacht drámaíochta Gare St. Lazare, agus páirt shuntasach aige ann, Lucky.
Anuas air sin arís, bhí sé ar stáitse Smock Alley díreach an deireadh seachtaine seo caite, le seó amharclainne de chuid an chomhlachta Mouth on Fire.
Men Like Us ab ea teideal an taispeántais de thrí mhír; drámaí le Beckett iad ar fad.
Is ar shaothar Beckett a dhíreoidh sé a aird an tseachtain seo chomh maith, leis an seó aonair The End.
Tá greann dorcha fite fuaite tríd an scéal gruama, galánta seo, a mhairfidh ar feadh tuairim is uair a’ chloig.
Is i bhFraincis a scríobh Beckett é an chéad lá riamh, ach d’aistrigh sé féin agus Richard Seaver go Béarla é.
Is ar ardán na hamharclainne nua, The New Theatre, a bheidh an leagan seo, faoi stiúir Chathal Quinn, le feiscint, ar feadh seachtaine – ón Luan seo chugainn go dtí an Satharn ina dhiaidh.
Eolas iomlán ar thenewtheatre.com