‘Teanga an Ghrá’, The New Theatre, Barra an Teampaill, BÁC / 11 – 16 Bealtaine @ 7.30
Seoladh seó nua, bunaithe ar an ngrá sa traidisiún Gaelach, i gcathair Bhaile Átha Cliath Dé Céadaoin seo caite.
Teanga an Ghrá an teideal atá ar an léiriú úr seo atá dírithe ar thréimhse thar 1,000 bliain.
Guthanna Binne Síoraí an comhlacht drámaíochta atá ina mbun.
Tá obair an chomplachta feicithe agam cheana – ar stáitse Amharclann Samuel Beckett, i gColáiste na Tríonóide – agus bhíos ana-thógtha leo.
I rith an tsamhraidh anuraidh d’fhreastail mé ar léiriú dá gcuid: seó drámata d’fhilíocht Yeats, Heaney agus Beckett.
Ba iad Enda Reilly, Clodagh Mac Gabhann, Cathal Quinn agus Megan Kennedy a bhí ar ardán le meascán d’ fhilíocht, amhráin, ceol, aisteoireacht agus rince fite fuaite tríd an dtaispeántas.
Páirteach sa léiriú is déanaí ón ngrúpa tá ceathrar, mar atá Síle Denvir, Cathal Quinn, Aodán Ó Ceallaigh agus Éamonn Galldubh.
Is ar an láithreoir agus ceoltóir aitheanta, Tristan Rosenstock, atá caipín an léiritheora.
Cloisfear amhráin mhóra an tsean-nóis ó Shíle agus Aodán; ceol uirlise chomh maith ó Shíle, mar aon le hÉamonn; agus filíocht chlasaiceach agus nua-fhilíocht ó Chathal.
An t-ábhar ar fad bunaithe ar théama an ghrá, dár ndóigh.