Taibhiú aeir, drámaíocht, beochan, filíocht, Portaingéilis agus níos mó… is iontas cruthaitheach ilghnéitheach é an léiriú úrnua Creación a bheas ag oscailt i gCluain Tarbh, BÁC, an Satharn beag seo 2 Bealtaine.
Tá leid ar fáil sa teideal.
Is seó é seo a cruthaíodh as an nua.
“Fíor-chomhoibriú a bhí i gceist a tharraing ar thaithí na n-oirfideach ar fad,” arsa Miriam Needham, atá páirteach sa léiriú.
“Tugadh deis do gach éinne a gcuid féin a chur isteach ann, rudaí craiceáilte a thriail gan náire, gan ego agus chruthaigh muid seó atá iomlán éagsúil ó rud ar bith eile.”
Níl aon amhras faoi sin mar is scéal eachtrúil é seo suite i ndomhan mistéireach osréalach idir grinneall an aigéin agus an spéir os ard, a bhfuil ochtapas, buíon cat, abhann tuathail agus dragan aonadharcach ann!
Foireann ildánach de cheathrar déag atá taobh thiar de Creación.
Spéisiúil go leor is í Miriam, a chuir ‘Ciara’ i láthair sa tsraith ar líne Na Rúin le TG4 agus a bhí páirteach i Smidiríní agus drámaí le Branar roimhe, an t-aon duine a bhfuil cúlra aici san aisteoireacht.
Is ó chúlraí sorcais agus damhsa an chuid eile.
“Ní raibh taithí agam ar bheith plé le trealamh den chineál seo. B’éigean dom go leor oibre a chur isteach ann le go mbeinn ábalta an síoda a láimhseáil agus gluaiseachtaí a dhéanamh san aer,” ar sí.
“Cinnte bhí mé i bpian théis an chéad chúpla iarracht ach b’fhiú é nuair a bhí mé in ann rudaí suimiúla a dhéanamh. Táim iomlán gafa leo anois agus tá an-chraic ag baint lena bheith bun os cionn!”
Stiúrtha ag Emily Aoibheann is léiriú de chuid Dying Breeds é ‘Creación’ atá ag oscailt ar a 9.30in Dé Sathairn 2 Bealtaine agus ar taispeáint go 5 Bealtaine i Seanhalla Naomh Antoine, Bóthar Chluain Tarbh, Baile Átha Cliath.
€10 an cead isteach agus tá ticéidí le fáil anseo.