Tá Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe faoi lán seoil i gCathair na dTreabh an tseachtain seo.
Féile bheoga bhliantúil is ea í a mheallann drámadóirí, aisteoirí agus lucht féachana le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar thallann i ndomhan an téatair.
As seo go ceann sé lá eile, cuirfear 17 dráma ar stáitse in ionaid éagsúla sa chathair, mar aon le 12 léiriú atá i mbun forbartha.
Agus súil Ghaelach caite againn ar an chlár, seo chugaibh 5 chúis le freastal ar an fhéile i mbliana!
1. ‘Scáth an tSúmaire/ The Shadow of Carmilla’ á léiriú ag ThereisBear! / Ionad Uí Dhonnchadha in OÉ Gaillimh, 21 Aibreán @ 7in, 22 Aibreán @ 8in agus 23 Aibreán @ 7in
Insint dhátheangach bunaithe ar scéal uafáis le Sheridan Le Fanu Carmilla atá sa léiriú seo faoi stiúir ag Conor Kennedy-Burke.
Tá ath-shamhlú déanta ar seanscéal agus é suite anois i dteach mór i gConamara tar éis an Ghorta Mhóir.
Tá iníon an tiarna thalún lag le tinneas aisteach agus faitíos ar na seirbhísí ainm a chur ar cad, nó cé, atá freagrach as.
Idir iad féin agus athair na mná óige, ardaíonn teannas, amhras agus crá sa dráma nuair a éistear le piseogaí. Óóóóóóó!
Ticéid ar díol ar €12/€14.
2. ‘San Siobhán’ le Tara Breathnach / An Taibhdhearc, An tSráid Lár, Dé Domhnaigh 23 Aibreáin 2017 @ 11rn
Déanfar an leagan nua de ‘San Siobhán’, atá i mbun forbartha ag Tara Breathnach, a thaispeáint sa Taibhdhearc Dé Domhnaigh.
Cad iad na ceisteanna a bhaineann le bean laoich i gcoinne fhórsaí an Stáitse agus na hEaglaise?
Cén chaoi ar féidir an script cháiliúl le G.B. Shaw a léiriú ar bhealach nua-aimseartha?
Beidh Tara Breathnach agus Catherine Denning páirteach san imeacht agus taispeánfar físeán de Shiobhán Nic Cionnaith, duine de na haisteoirí ban ba nótáilte in Éirinn sa 20ú haois le feiceáil.
Is í Anne McCabe, Stiúrthóir Ealaíon na Taibhdheirce, a bheas ina háisitheoir ag an ócáid seo.
Beidh Tara le feiceáil sa léiriú aonair Molly ar an 22 agus 23 Aibreán fosta.
3. GLÓRTHA ÓN GHORTA, sliochtanna as dráma le Cathal Póirtéir, le ceol ón phíobaire Éamonn Ó Broithe, i dteannta aisteoirí Diarmuid de Faoite, Áine Ní Droighneáin, Mairéad Dinny agus Eoghan O Riada / An Taibhdhearc, An tSráid Lár, Dé Domhnaigh 23 Aibreáin 2017 @ 1rn
Is ‘amharclann na fianaise’ atá i gceist anseo, modh oibre atá forbartha ag drámadóir Yael Farber ón Aifric Theas, le scéalta pobail agus daoine faoi chois a insint le mothú agus le héifeacht.
As cuimhní cinn na ndaoine faoin Ghorta Mhór, tagann mórscéal láidir fírinneach a léiritear trí aisteoireacht, ceol agus amhráin na linne.
Is é Cathal Póirtéir a chuirfidh an léiriú i láthair agus beidh aisteoirí ag léamh na bhfianaisí fírinneacha le canúintí éagsúla as gach choirnéal den tír.
4. ‘Splanctéatar’ á léiriú ag No Ropes / Amharclann Bhanc na hÉireann, OÉ Gaillimh, Gaillimh, Dé Domhnaigh @ 7in
Tar éis briseadh dhá bhliain, tá an t-imeacht ardluais seo ar ais agus an deis tugtha d’aisteoirí i nGaillimh agus níos faide i gcéin a gcuid tallainne a chur ag obair.
Taispeánfar ceithre ghearrdhráma 20 nóiméad ar fad ar an oíche, a scríobhadh, a cleachtadh agus a cuireadh ar stáitse taobh istigh de 24 uair an chloig.
Beidh ceann amháin de na drámaí i nGaeilge.
5. The Return of the Makeral Eaters / Téatar Mick Lally, OÉ Gaillimh, 20-23 Aibreán @ 10in
Tá an fidléir, scéalaí agus aisteoir ildánach Aindrias de Staic, a bhain cáil idirnáisiúnta amach lena léiriúcháin aonair amhail ‘Around the World on 80 Quid’ agus ‘The Man From Moogaga’, ar ais le seó nua, ‘The Return of the Makeral Eaters’, a tharraingíonn le chéile Daniel Guinnane agus Jonathon Gunning.
Léiriú spleodrach lán ceoil, toitíní, cóisireachta agus iascaireachta, a dhíríonn ar thriúr cairde atá sa bhanna The Makeral Eaters.
Má tá spreagadh sa bhreis uaibh teacht go Gaillimh don fhéile, caithigí súil ar an fhíseán iontach seo ar leathanach Facebook na féile!
– Leanaigí an chraic ar #GalwayTheatreFest.
– Gach eolas: www.galwaytheatrefestival.com, nó glaoigh ar Amharclann na Gaillimhe ar 091
569777.