Compántas fÃorchumasach go deo é Moonfish atá tar éis sárléirithe iomadúla a dhéanamh le blianta anuas. An rud is mó atá le brath ar a gcuid oibre ná an tuiscint atá acu do na ceirdeanna uile ar féidir iad a áireamh san amharclannaÃocht. Tá iomlán na gceirdeanna sin le feiceáil is le clos sa léiriú is déanaà uathu.
Baineadh siar asam a iontach a bhà Tromluà Phinoccio, an chéad léiriú dá gcuid ar éirigh liom freastal air. Athshamhlú tuisceanach dátheangach ar aistriúchán Phádraig Uà Bhuachalla a bhà ann. Bhà an cur chuige céanna, cuid mhór, agus béim ar an bhfÃsiúlacht agus ar fhuaimeanna, chun tosaigh arÃs nuair a rinneadh léiriú ar an úrscéal Star of the Sea le Joseph O’Connor.
Seo anois againn an chéad úrscéal eile ó O’Connor, Redemption Falls. Deir Amharclann na Péacóige linn gur i bhfoirm gig amharclainne a chuirtear inár láthair é. Is cinnte go bhfuil an bhéim ar fad ar cheol sa léiriú seo, idir amhráin thraidisiúnta agus cinn a bhaineann le scéalta na gcarachtar. NÃlim féin róthógtha le ceoldrámaà ach is rud eile ar fad an léiriú seo.
Tá an ceol, an comhcheol agus an ceol uirlise ann ar chaighdeán an-ard go deo. Amhráin thraidisiúnta áille atá roghnaithe a léirÃonn turas na gcarachtar sa scéal agus iad ag siúl Mheiriceá le linn an Chogaidh Chathartha.

Tá an ceol chomh maith sin ar uairibh gur éasca dul ar strae ann agus cuid de scéal an dráma a chailliúint. Amanna tá an oiread sin ar siúl ar an ardán gur gá súil agus cluas ghéar a bheith agat le nach gcailltear aon rud. De réir mar a chuireamar aithne nÃos fearr ar charachtair ba mhó a chuaigh an t-iomlán i bhfeidhm orm. Tá greann ann in áiteanna agus snas ar mhÃreanna fÃsiúla go leor.
Tá nithe beaga iomadúla a thugann sárchur chuige Moonfish i gceird na hamharclannaÃochta i láthair. Baintear úsáid rÃchliste as dathanna agus leachta. Tá tÃrdhreach lámhdhéanta bÃdeach á theilgean ar an scáileán cúil, a thugann gluaiseacht isteach san insint. Fuáil le snáithÃn dearg a rianaÃonn siúl na gcos. Drumadóireacht agus marú agus soineantacht. Tá brúidiúlacht a bhain stangadh asam ann a cuireadh láthair i mbealaà éirimiúla éagsúla. MothaÃtear an phian agus an náire agus braitear smál na fola ort ag a dheireadh.
Eispéireas cumhachtach amharclainne atá san iomlán. Ainneoin beagán de chÃor thuathail a bheith ag baint leis an gcéad chuid forbraÃonn obair Moonfish ina pÃosa álainn a imreoidh tionchar ar do chroà roimh dheireadh.
Tá moladh ar leith ag dul do ghlórtha na cléire, do ghiotár galánta Pat Hargan agus do chroà an phÃosa. Tá na deirfiúracha fÃorchumasacha Nà ChróinÃn le moladh arÃs as léiriú fÃorthaitneamhach fÃorshamhlaÃoch a chur inár láthair.
Amharclann na Péacóige, 8pm, ar siúl go dtà an 19 Deireadh Fómhair // Ticéid €18 – €25, Rátaà laghdaithe €16 – €20