Ulysses, mar nach bhfaca tú riamh é


Ulysses – Amharclann na Mainistreach, Baile Átha Cliath


Is é an chéad rud le rá faoin léiriú seo d’Ulysses ná go bhfuil sé roinnt mhaith níos taitneamhaí ná an leabhar féin.

Tá sé líonta lán le cúrsaí craicinn agus greann gan stad.

An oiread sin go mb’fhéidir nach dtaitneodh sé le roinnt.

An leathar, ról an náisiúnachais agus an frithGhiúdachas is mó a leagan an scríbhneoir Dermot Bolger béim orthu sa léiriú seo.

É ar fad i meascán de stíleanna ceoil agus de chur i láthair ó thús deireadh aigeanta mar oiriúnú ar leabhar Joyce.

Duine de stiúrthóirí nua Amharclann na Mainistreach (ANM) a ghlacann chuige féin ról an stiúrthóra an geábh seo, is é sin Graham McLaren (Neil Murray a leathbhádóir).

Ní nach ionadh is léir go bhfuil iarracht ar leith anseo dráma snoite clipthe ardchaighdeáin a chur chun ardáin.

Éiríonn leis ar an iomlán.

Tugann Janet Moran carachtar Mholly Bloom chun beochta dúinn agus cuirtear caibidlí an leabhair as a riocht: tosaítear le ‘Yes’ Molly agus í ag machnamh ar a leaba i lár an ardáin.

Agus ba chóir trácht ar an ardán.

Tá sé athraithe ar fad ó aon léiriú eile atá feicthe agam in ANM cheana.

Tá slí do 100 duine ón lucht féachana ar an ardán féin idir bhoird bheaga agus sheastán san áit a mbíonn cúl an stáitse ann de ghnáth.

Fágann seo an dráma ar siúl i gcroílár an lucht féachana, iarracht chomhfhiosach an scéal féin a thabhairt ar ais don phobal céanna?

Is dócha é.

Mar sin féin is fearr a bheith suite sna gnáthshuíocháin mar gur chuig an slua sin is mó a bhíonn na haisteoirí ag féachaint agus ag caint.

Rud a fhágann go bhfuil cuid den phobal a fhágfar ar lár.

Maidir le fágáil ar lár, cé go bhfuil an dráma seo níos intuigthe go mór ná an leabhar féin, ní gan dua a leanfar carachtair uile an scéil ó thus deireadh.

Cé go bhféadfá dul ann is gan an leabhar a bheith léite agat is mó go mór an t-adhmad a bhainfí as agus tuairim éigin agat ar imeachtaí an bhunscéil.

Ní hamháin gur deacair carachtair a aithint óna chéile – tá rólanna iomadúla á nglacadh acu san ensemble – cuirtear cuid den scéal inár láthair trí lionsa na meisce agus na mbrionglóidí fiú.

Cuma sin ar fad, tá an dráma thar a bheith greannmhar – bhíos sna tríthi aige.

Go deimhin tá ceann de na rudaí is greannmhaire a chonac riamh mar chuid de (agus é ar an rud is salaí atá feicthe agam ar ardán drámaíochta riamh!)

Cé go maireann sé suas le 2 uair go leith móide sos, ní bhraithfeá an t-am ag imeacht agus an dráma ag aistriú ó chaidibil go caibidil agus ó stíl go stíl, ceoldráma anois, léitheoireacht don raidió ansin, Punch and Judy ansiúd.

Bíonn puipéid in úsáid go rialta agus éiríonn thar cinn leo ó thaobh an ghrinn sa radharc cúirte go háirithe, cé nach gcuireann siad leis i gcónaí.

Tá Garrett Lombard an-mhaith ina Bhlazes Boylan gáifeach, muiníneach, cé go bhfuil sé sách gearr le dul thar fóir anois is arís.

Glacann David Pearse ról Leopold Bloom agus feileann sé do ghreann an charachtair agus dá ghearáin in éadan an fhrithGhiúdachais araon.

Léirítear téama eile tábhachtach nuair a deir Stephen Daedelus “You die for your country, … But I say: Let my country die for me.”

Cloistear Joyce féin sna línte seo agus míniú ar aigne an údair, a chaith an chuid eile dá shaol thar lear.

Nach ait anois go samhlaítear Joyce agus Ulysses féin mar chomharthaí láidre den Éireannachas?

Is léiriú mealltach greannmhar é seo nach dtagann sos ná cónaí air ó thús deireadh.

Déanann sé téacs don phobal as Ulysses.


Beidh Ulysses ar siúl go dtí an 28 Deireadh Fómhair in Amharclann na Mainistreach, BÁC. (Ticéid €13 – €45) 7.30in Luan – Sath.

SCÉALTA EILE