Ardú 70% tagtha ar dhíolachán ticéad d’Fhéile na Gealaí

Thug urlabhraí de chuid Fhéile na Gealaí le fios do NÓS tráthnóna go bhfuil ardú 70% tagtha ar líon na dticéad a díoladh d’Fhéile na Gealaí i mbliana i gcomparáid leis an tréimhse chéanna an bhliain seo caite. 

Bhí ticéad ‘luathphraghais’ ar fáil don fhéile Ghaeltachta go dtí Dé Domhnaigh seo caite, Lá Fhéile Pádraig, agus dúirt urlabhraí na féile gur díoladh i bhfad níos mó ticéad i mbliana ná mar a díoladh riamh cheana roimh Lá Fhéile Pádraig.  

Tá na ticéid ‘Sraith 1’, a bhí ar díol ar €55, anois uilig imithe agus tá ticéid ‘Sraith 2’, ar chostas €70, ar díol anois. Níl ach 100 ticéad Sraith 2 ar fáil, agus nuair a bheidh siad sin uilig imithe, is ticéid ‘Sraith 3’, a chosnaíonn €90, amháin a bheidh ar fáil. Beidh ticéad lae don fhéile ar fáil ar Eventbrite amárach.

Dúirt urlabhraí de chuid na Féile go mbeidh tuairim is 30 ticéad ar fáil go luath “saor in aisce” ach  nach scaoilfear sonraí an mhargaidh sin go ceann cúpla lá. 

Tuairiscíodh ar NÓS níos luaithe i mbliana go mbeidh láthair nua champála ar oscailt d’Fhéile na Gealaí 2019 mar gheall ar an éileamh mór atá ar thicéad i mbliana. Is sa ngarraí díreach in aice leis an láthair champála a bhí ann go dtí seo a bheidh an spás breise do lucht campála na féile. 

Díoladh gach uile thicéad campála don fhéile mí sular thosaigh sí i anuraidh agus bhí an-tóir go deo ar na ticéid lae freisin. 

Tá lucht eagraithe na féile ag súil le suas le 500 duine i Ráth Chairn na Mí ar an 14 Meitheamh 2019. 

Chomh maith le láthair nua champála, fógraíodh le deireanas go mbeidh ‘típí’ nua ag  an bhféile i mbliana, is é sin spás eile do cheol agus do na healaíona eile a bhíonn ar siúl ag an bhféile. Bíonn idir cheol beo agus imeachtaí eile, ar nós ióga agus ranganna damhsa boilg ag Féile na Gealaí, chomh maith le himeachtaí do theaghlaigh. 

Ar na ceoltóirí  a bheidh ag Féile na Gealaí 2019, beidh Kneecap, Vigilanti, An Chéad Ghlúin Eile, Dáithí agus Bréag. 

Beidh an t-eolas uilig faoi cheoltóirí agus imeachtaí Fhéile na Gealaí 2019 ar NÓS de réir mar a fhógraítear é, agus, ar ndóigh, beidh NÓS féin i láthair!

SCÉALTA EILE