‘Athcheangal cultúrtha’ idir oileáin Ghaeltachta ar bun ag bádóirí ‘An Mac Duach’

Athcheangal cultúrtha is ea is cuspóir le ‘Casadh na Taoide’, tionscnamh ar cuireadh tús leis inniu agus an húicéir An Mac Duach ag seoladh ó Chuan na Gaillimhe ar aistear coicíse chuig oileáin amach ó chósta na Gaillimhe, Mhaigh Eo, agus Thír Chonaill.

Beidh na ceoltóirí Laoise Kelly agus Diarmuid Gielty, as Acaill , ina mbádóirí ar an aistear seo agus cuairt á thabhairt acu ar Inis Bó Finne (Gaillimh), Inis Toirc (Maigh Eo), Cliara (Maigh Eo), Acaill (Maigh Eo) agus Árainn Mhór (Dún na nGall). Buailfidh siad le ceoltóirí, ealaíontóirí, scéalaithe agus staraithe le linn an turais agus súil acu cúrsaí cultúrtha a fhiosrú agus athcheangal cultúrtha a ghiniúint idir na hoileáin mhara.

“Nuair a fhéachann Diarmuid agus Laoise amach ó fhuinneoga a dtí in Acaill, feiceann siad Cliara, Inis Toirc, agus, má bhíonn an lá go maith, Inis Bó Finne chomh maith. D’airigh siad nach raibh an ceangal a bhíodh idir na hoileáin seo ann níos mó, go raibh cuid den traidisiún agus an ceangal stairiúil a bhíodh ann caillte. Tá cuid de fós ann ach ba bhreá linn é a fhiosrú agus a fheiscint céard iad na traidisiúin a bhíodh ann, na traidisiúin atá ann, agus na traidisiúin a bheidh ann. Tá cultúr, oidhreacht agus stair ar leith ag na hoileáin seo agus tá muid ag iarraidh é sin ar fad a fhiosrú,” a dúirt Bainisteoir Tionscadail Chasadh na Taoide, Freda Nic Giolla Chatháin.

Níl Árainn Mhóir, atá amach ó chósta Dhún na nGall, cóngarach d’Acaill, ach deir Freda nach gá go bhfágfadh sé sin nach bhfuil ceangal dá laghad ann idir an dá oileán Gaeltachta.

“Théadh go leor de mhuintir Acla go hAlban chun dul ag obair agus bhí Árainn Mhóir ar an tslí soir. Bheadh baint mhór acu leis an áit sin, agus nuair a bhreathnaím ar an teanga fiú, feictear domsa go bhfuil cosúlachtaí idir Gaeilge Acla agus Gaeilge Árainn Mhóir. Tá traidisiún láidir píobaireachta in Acaill chomh maith, rud atá neamhchoitianta go leor an taobh seo tíre,” a dúirt Freda.

Tá súil ag na bádóirí aithne a chur ar mhuintir an n-oileán agus eolas a chur ar na háiteanna agus an cultúr a bhaineann leo. 

“Beidh muid ag bualadh le daoine, ag caint leo, ag bailiú scéalta, agus ag cur ceisteanna orthu maidir leis na traidisiúin agus na nósanna a bhíodh sna hoileáin sin agus ag fiosrú an cheangail a bhí nó atá acu le hAcaill, nó leis na hoileáin eile. Beidh muid ag díriú ar bhailiú ceoil agus amhrán, go mór mór ceol a bhaineann leis an saol ar an oileán sin nó a bhaineann leis an oileán,” a dúirt sí.

Ar bharr an fhiosrúcháin chultúrtha seo, beidh ‘comhshaothar’ úrnua á dhéanamh ag ealaíontóirí a choimisiúnaigh Casadh na Taoide ó gach oileán : Andrew Murray, amhránaí in Inis Bó Finne; Cathy O’Toole, ceoltóir in Inis Toirc; Beth Moran, fíodóir i gCliara; Mary Lavelle Burke (nach maireann), físealaíontóir in Acaill; agus Proinsias Mac a’Bhaird, scríbhneoir in Árainn Mhór. 

“Is píosa nua, píosa nua as Acaill a bheidh againn ag an deireadh le go mbeimid in ann e a léiriú mar chuid d’fhéile, cuid d’Acaill, agus is ar líne a bheidh sé ach beidh ealaíontóirí na n-oileán ag teacht le chéile ar an oileán chun an píosa nua seo a chruthú,” a dúirt Freda le NÓS.

Seoladh Casadh na Taoide inniu agus táthar ag súil go mbeidh an t-aistear críochnaithe in Árainn Mhór faoi dheireadh na míosa seo. Beidh comhshaothair na n-oileán á léiriú ar líne mar chuid d’Fhéile Chruite Acla na bliana seo i mí Dheireadh Fómhair.

SCÉALTA EILE