Bhí sé d’ádh orm a bheith i láthair ag Féile na Gealaí i Ráth Chairn na Mí i mbliana. Thóg mé mo sheolta uaidh Ghaillimh tráthnóna Dé hAoine agus bhí mé leandáilte san Uaimh sul i bhfad, a bhuí le CityLink agus an Nx. D’fhan mé féin agus mo chara inár suí deireanach san oíche ag déanamh socrúchán don lá arna mhárach le teann spraoi.
D’fhág muid an teach luath sa lá Dé Sathairn agus thug muid ár n-aghaidh ar Ráth Chairn. Thug an comharthaíocht muid go páirc peile ina raibh an fhéile sactha isteach go néata sa gcoirnéal. Bhí smúit os ár gcionn agus chuile chosúlacht go raibh báisteach air ach níor lig muid dó sin cur as do na sceitimíní. I ndeireadh dála scáth fearthainne a theastaigh níos mó ná uachtar gréine, mo leithscéal faoin réamhaisnéis a thug mé roimhe seo. Ní mise a chum ná a cheap.
Bhí muid díreach in am do seit GhaelGÁIRÍ, tús maith leath na hoibre. De bharr fadhbanna taistil, bhí duine acu as láthair, ach chuaigh an seó ar aghaidh le Barra Ó Sé agus Hugh Carr. Bhí muid ag pléascadh gáirí ag Barra ag déanamh aithris chruinn ar charachtair an tsaoil agus bhí greim an fhir ghrinn ag Hugh ar an slua, a rinne plé machnamhach ar Ghrá ar an Trá agus é ag roinnt a thaithí féin ar an ábhar.
Ina dhiaidh sin tháinig Bandia agus Aerach Aiteach Gaelach isteach le haghaidh ceardlann ar an bpuipéadóireacht stocaí. Bhí sé thar a bheith cruthaitheach, taitneamhach agus feiliúnach do chách. B’iontach an bealach fáilte a chur roimh dhaoine isteach le tacú leis an bpobal LADT. Chuir Bandia críoch leis an imeacht le leaganacha iontacha d’amhráin mhóra aeracha aistrithe go Gaeilge.
Idir an dá linn, sheas mé timpeall ag cúléisteacht le Dris-Óg ag casadh ‘Lig Dom Imeacht’ beo ar Radio na Life, a bhí lonnaithe taobh istigh den láthair campála don lá. Bhí mé buíoch as an deis sin mar gheall gur chaill mé amach ar mo sheans iad a fheiceáil ar stáitse ar an Aoine.
Théis do na himeachtaí sóisialta críochnú thuas sa bpuball mór, thosaigh an ceol. Bhí Súp, An Chéad Ghlúin Eile, in éineacht le Síle Denvir agus Séamus Ó Flatharta, Emma Ní Fhíoruisce, Roisín Seoighe agus IMLÉ, Súil Amháin agus Polca 4 thuas ag mealladh an tslua de réir a chéile go dtí go raibh sé ina thonn chlampair ag deireadh na hoíche. A fhad is a bhí súile á bhfliuchadh ag an gceol binn, bhí corrshiúlóid anonn chuig an tobar, an Bradán Feasa, le béil a bhfliuchadh. Is ann a bheadh an chraic ag bogadh i ndiaidh Polca 4 le fad a chur leis an oíche.
Is atmaisféar faoi leith a bhí le n-aireachtáil ag an bhféile. Muintir na háite ag meascadh le daoine a tháinig ó áiteanna i bhfad i gcéin, cainteoirí dúchais na Gaeilge ag comhrá le foghlaimeoirí díograiseacha, ceol ar an sean-nós á chasadh nóiméad amháin agus hip-hap nóiméad eile. Gan aon bhlas d’éirí in airde ná breithiúnas á dhéanamh ar aon duine, cuma céard a thug ann thú nó cén cúlra a bhí agat. Daoine á dtarraingt le chéile le cultúr a cheiliúradh amháin.
Sular ghéill Polca 4 don slua ag achainí “Ceann Amháin Eile” orthu go callánach, rinne siad caint faoi Rónán Mac Aodh Bhuí, atá tinn i láthair na huaire. Crochadh na céadta dorn san aer mar léiriú tacaíochta dó, agus cuireadh i gcuimhne dúinn an pobal agus an muintearas atá fite fuaite le saol na Gaeilge. Tá mé cinnte go mairfidh Féile na Gealaí i neart croíthe go brách.