‘Ba cheart an tOireachtas a reáchtáil i gcontae dúchais bhuaiteoir Chorn Uí Riada’

Tuairiscíodh ar Tuairisc inné go bhfuil lucht stiúrtha an Oireachtais ag cuimhneamh ar Oireachtas na Samhna a reáchtáil i gceantar Gaeltachta tar éis fhéile na bliana seo chugainn (atá le tarlú i gCill Airne arís). Bhí ríméad orm an méid sin a léamh ó tá mé bréan de Cill Airne le fada an lá. Ní hé nach bhfuil na hóstáin go deas agus nach bhfeileann an baile don fhéile, níl ann ach go bhfuil sé in am bogadh ar aghaidh agus Cill Airne a fhágáil inár ndiaidh ar feadh cúpla bliain. 

Ach cár chóir an fhéile a reáchtáil sna blianta amach romhainn? Luadh sa tuairisc inné go bhfuil muintir Chois Fharraige á bprapáil féin le hiarratas a chur isteach ar fhéile na blianta 2024. Ba ann a reáchtáladh an chéad Oireachtas taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath in 1974 ó athbhunaíodh an fhéile in 1939 agus is cinnte gur dheas filleadh ar an áit. 

Mar sin féin, airím go ndearnadh feall ar mhuintir chathair na Gaillimhe in 2020 agus go deimhin in 2022. Gealladh Oireachtas na Samhna do mhuintir Chathair na dTreabh sa gcás dá  n-éireodh lena n-iarratas ar Chathair Chultúrtha na hEorpa 2020. D’éirigh, go deimhin, agus rinneadh na socruithe leis an Oireachtas a thabhairt go Gaillimh le beagnach 30 bliain. Tá a fhios ag an saol céard a tharla ina dhiaidh sin (agus níorbh é Covid amháin ba chúis le teip Gaillimh2020…) ach ba é an feall é nár reáchtáladh an fhéile i nGaillimh a luaithe is a bhí na srianta imithe – is é sin le rá i mbliana.

An moladh atá agamsa do lucht an Oireachtais ná sampla Chomórtas na hEoraifíse a leanacht agus Oireachtas na Samhna a reáchtáil i gcontae cónaithe bhuaiteoir Chorn Uí Riada chuile bhliain. Bhí mé ar tí ‘baile dúchais’ a rá ach is dóigh go mbeadh sé deacair na leapracha a aimsiú i gCarna. D’fhágfadh ‘contae cónaithe’ an deis ag bailte móra an chontae dála chathair na Gaillimhe féin, Bhéal Átha na Sluaighe, nó an Clochán an fhéile a reáchtáil. Chiallódh sé freisin go mb’fhéidir go mbeadh an fhéile á reáchtáil i gcontae nach contae Gaeltachta é – ní féidir a shéanadh ach gurb iad muintir na Gaeltachta is mó a thugann Corn Uí Riada abhaile leo ach tá go leor de mhuintir na Gaeltachta ina gcónaí in áiteacha eile. 

An gearán is mó a chloiseann mé ó dhaoine eile faoin seilbh atá glactha ag Cill Airne ar an bhféile ná gur millteanach an turas é ó Ghaoth Dobhair nó Béal Feirste nó fiú Béal an Mhuirthead go Ciarraí bliain i ndiaidh bliana agus nach bhfuil sé féaráilte nach raibh muintir an Daingin ach beagán le cois uair an chloig óna leaba féin ar feadh beagnach deich mbliana.

Beidh turas fada ar dhuine eicínt i gcónaí agus féile mhór náisiúnta i gceist, ach is deacair easaontú le muintir Thír Chonaill gur chóir an fhéile a thabhairt ar a laghad beagán níos gaire don bhaile dóibhsean. Chuige sin, nach bhféadfaí tarraingt ar mhúnla comórtas eile arís – an Fhleadh Cheoil an babhta seo – agus ‘Oireachtaisí Cúige’ a reáchtáil i gcaitheamh na bliana agus babhtaí cáilithe a bheith sna comórtais le haghaidh Oireachtas mór náisiúnta na Samhna i mí na Samhna? Bheadh an deis ag daoine nach acmhainn dóibh dul chuig an bhféile mhór í féin blaiseadh di a fháil in Inis Ceithleann ag Oireachtas Uladh, nó i gCathair na Mart ag Oireachtas Chonnacht, nó in Eochaill cois farraige ag Oireachtas na Mumhan nó i nDún Dealgán ag Oireachtas Laighean. 

Tá an tOireachtas 125 bliain d’aois anois agus is iomaí casadh agus cor a bhí i scéal na féile agus na heagraíochta i gcaitheamh na mblianta sin, tá súil agam go bhfeicfidh muid tuilleadh forbairtí agus fáis sna blianta beaga amach romhainn agus caiptín nua ar an stiúir. 

SCÉALTA EILE