Ba cheart do na Gaeil seilbh a ghlacadh ar an bhféile nua náisiúnta a d’fhógair an rialtas níos túisce an mhí seo agus a chinntiú go bhfuil an teanga agus an cultúr Gaelach i lár an aonaigh ar Lá Fhéile Bríde 2023 nuair a bheidh lá saoire náisiúnta ann in onóir éarlamh na hÉireann den chéad uair riamh.
Ba é Conradh na Gaeilge a chéadmhol go ndéanfaí lá saoire náisiúnta de Lá Féile Pádraig ag tús an chéid seo caite, agus bhí an Ghaeilge go mór sa treis sa gcéad cheiliúradh a rinneadh ar Aspal Éireann i mBaile Átha Cliath agus ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin. Go deimhin ba é Conradh na Gaeilge a d’eagraíodh mórshiúlta agus imeachtaí eile na féile Pádraig in Éirinn den chuid ba mhó go dtí 1932 nuair a thug rialtas an tSaorstáit stádas oifigiúil don 17 Márta. Go dtí an lá inniu féin bíonn bailiúchán mór airgid ag Conradh na Gaeilge ar fud na hÉireann ar Lá Fhéile Pádraig.
Tá deis anois ann roimh na Gaeil – Conradh na Gaeilge agus a leithéid d’eagraíocht agus an an gnáthGhael cois claí – seilbh a ghlacadh ar an bhféile nua náisiúnta seo agus í ina tús agus ceiliúradh mór Gaelach a dhéanamh de. Is cinnte go mbeidh grúpaí éagsúla (áirím na Nua-Dhraoithe mar shampla) ag iarraidh an fhéile a cheangail leo féin sna blianta tosaigh agus tá deis iontach ann an teanga a fhréamhú sa gceiliúradh nua a dhéanfar ar Lá Fhéile Bríde – nó Imbolc más fearr leat – an bhliain seo chugainn.
Tá nasc láidir ag na Gaeilge leis an tSamhain tríd an bhféile Oireachtas na Samhna, tá an nasc a luaigh mé cheana ann le Lá Fhéile Pádraig, ach tá Lúnasa agus Bealtaine fágtha ar an trá fholamh faoi láthair. Ba mhór an trua Lá Fhéile Bríde a fhágáil ar an trá chéanna.
Céard a d’fhéadfaí a dhéanamh, a deir tú? Bhuel bíonn mórshiúl ann Lá Fhéile Pádraig i ngach baile beag ó Mhálainn go Carn Uí Neid ar an 17 Márta. Tá lucht ‘St Patrick’s Festival’ i gceannas ar pharáid mhór Bhaile Átha Cliath ach níl údar ar bith ann nach bhféadfadh Conradh na Gaeilge nó eagraíocht eile teanga paráidí a eagrú sna cathracha móra agus sna bailte beaga ar an 1 Feabhra, paráidí ina mbeadh an Ghaeilge chun chinn. Luaim an Conradh ó tharla go bhfuil taithí ag an dream sin mórshiúlta a eagrú i mBaile Átha Cliath agus i mBeal Feirste cheana féin.
Is Bríd ‘Muire na nGael’ agus is duine tábhachtach í do go leor ban in Éirinn. Rinneadh athbheochan ar Nollaig na mBan cúpla bliain ó shin, agus bhí lámh nach beag ag lucht Oireachtas na Gaeilge san athbheochan sin, nár bhreá mná Gaelacha uile na hÉireann – idir bheo agus mharbh – a cheiliúradh agus a chomóradh ar lá an éarlaimh? Cuirimis ealaíontóir, scríbhneoirí, ceoltóirí, mná spóirt, mná oibre, mná Gaeltachta agus gach bean eile sa saol Gaelach chun cinn Lá Fhéile Bríde le himeachtaí Gaeilge ar fud Éireann.