‘Ba dheas lá saoire aon uaire in onóir Cholm Cille a bheith ann i mbliana’

“An Nollaig in aghaidh na ráithe

An Cháisc in aghaidh na seachtaine

Domhnach gach ré lá

Is lá saoire eatarthu.”

Tá cuid againn a bheadh sásta go leor lena a leithéid de bhliain le bheith i mbun léitheoireachta, leadaíochta nó eile. Formhór againn, bheadh muid sásta go leor le lá saoire nó dhó eile sa bhliain agus bhioraigh na cluasa le déanaí agus an chaint ar siúl faoi lá saoire bainc (nó dhó?) a thabhairt isteach ó dheas. Dheamhan focal a dúradh ina dtaobh sa cháinaisnéis ba dhéanaí ach bímis dóchasach go bpronnfar orainn iad go fóill. 

Ó luadh na laethanta seo den chéad uair tá roinnt machnaimh déanta agam ar an cheist. Ar an chéad dul síos, cha raibh aon ghlacadh le moltaí áirithe go roghnófaí lá i dtrátha Lá Altaithe Mheiriceá, is é sin i dtreo dheireadh na Samhna. 

Ach bíonn sé go deas lá saor a bheith agat ag druidim leis an Nollaig le gothaí na féile a chur ort féin. Tugann muintir na tuaithe an Ardchathair orthu féin ar an 8 Nollaig go hiondúil – Lá Fhéile Muire gan Smál.  An lá roimhe, an 7 Nollaig, is é sin lá breithe Cholm Cille a tháinig ar an tsaol i nGartán, Co. Dhún na nGall, ar an lá sin 1500 bliain ó shin i mbliana. Naomh é Colm Cille a luaitear mar dhuine de thriúr naomhphátrún na hÉireann agus a bhfuil ardmheas air i gcónaí ina chontae dúchais, i gcontaetha eile agus in Albain ar ndóigh. Ritheadh imeachtaí i rith na bliana le comóradh a dhéanamh ar an Chonallach cháiliúil, formhór acu ar líne nó gan mórán searmanais ag baint leo agus cúrsaí mar a bhí.

Ba dheas an rud é saoire aon uaire a bheith againn i mbliana ina onóir. Tá sé amuigh air go dtearna sé Críostaithe de mhuintir Thoraí ach tá clú air fosta as a bheith teasaí agus ba mhinic a bhí air maithiúnas a iarraidh ar Íosa i ndiaidh dó caitheamh go dona le fir déirce. Thuill sé cáil fosta as a chuid mallachtaí go háithrid, a sheafóidí is atá siad is mó an gean atá agam air. 

Tá sé ráite gur chuir sé a mhallacht ar dhuine ar bith a chuirfeadh stoca agus bróg air féin sula mbeadh an stoca curtha ar an chos eile aige. Bhí an naomh á ghléasadh féin agus nuair a bhí stoca agus bróg curtha ar chos amháin aige chonaic sé namhaid éigin ag tarraingt air agus bhí air teitheadh agus an chos eile costarnocht. 

Lá eile, chuaigh sé isteach i dteach agus bhí bradán á réiteach i bpota ag bean an tí. D’iarr sé greim bídh uaithi agus dúirt sí leis nach raibh sa phota ach uisce. Dúirt Colm Cille, “Muna bhfuil bradán ann go raibh bradán ann; má tá bradán ná raibh bradán ann.” D’imigh sé agus nuair a d’amharc an bhean isteach sa phota cha raibh ann ach uisce. Ní féidir a shéanadh nár mhiste a leithéid de charachtar a cheiliúradh?

Má tá lá saoire nua le bheith ina ócáid bhliantúil, bheadh sé doiligh gan Lá Fhéile Bríde, an 1 Feabhra, a mholadh mar atá déanta ag neart daoine cheana. Naomhphátrún eile de chuid na hÉireann í ar ndóigh agus ní beag an urraim atá ag muintir na tíre seo di i gcónaí. Is iomaí áit, séipéal, tobar agus club CLG atá ainmnithe aisti, cuir i gcás. 

Bhain – agus baineann fós – neart traidisiún lena féile idir chrosa, Bhrídeoga, bhrait agus mar sin de. Tuigeann muid ar fad gur mí fhada í mí Eanáir agus cuid againn ag teacht chugainn féin i ndiaidh craos a dhéanamh ag aimsir na Nollag. Is é tús an earraigh é Lá Fhéile Bríde agus laethanta fuara, dorcha an gheimhridh thart: Ó Lá Fhéile Bríde amach bíonn na héin ag déanamh nead, bíonn na caoire ag breith na n-uan is an fuacht ag dul i dteas, más fíor do na Muimhnigh. 

D’fhás cuid mhaith againn aníos ag cluinstin faoi éachtaí agus faoi mhíorúiltí Bhríde. Thaitin sé linn nuair a bhuail sí bob ar an taoiseach shantach a thairg di an méid talaimh is a chlúdódh a brat lena clochar a thógáil. Leag sí síos é agus spréigh sé amach go raibh Currach Chill Dara ar fad clúdaithe aige. D’fhágadh daoine píosa éadaigh nó ‘brat Bhríde’ amuigh ar Oíche Fhéile Bríde go mbeannódh an naomh é agus chuirtí i dtaisce é; dá mbuailfí duine den líon tí tinn i rith na bliana bhainfí úsáid as lena leigheas. Anuas ar an leigheas seo, is minic a bhíos leigheas ar shúile tinne luaite le huisce a toibreacha beannaithe. 

Tá cuairt tugtha agam féin ar na toibreacha atá bainteach léi gar do bhaile Chill Dara agus i bhFochaird, Co. Lú, agus tá sé suntasach an meas mór atá ag daoine áirithe uirthi i gcónaí agus na crainn cois na dtoibreacha faoi ualach mhór ofrálacha de gach saghas. Maidir leis an leigheas ar shúile tinne, tá sé sa bhéaloideas gur stoith sí amach ceann dá súile le fáil réidh le duine ródhíograiseach a bhí sa tóir uirthi – ba iad a cuid súl a mheall é deirtear. Bunaithe ar an méid sin amháin, tá lá (nó dhó) tuillte aici.