Bainis Bhréige Ros na Rún agus ceithre imeacht eile

Bainis Bhréige Ros na Rún, Galway Bay Hotel, Dé Sathairn, 24 Samhain @ 17:00

Ní fheadar cé a phósfaidh amárach ag bainis bhréige Ros na Rún? Tá ag éirí go seoigh leis an ócáid bhliantúil seo agus tá sé eagraithe arís eile i mbliana le hairgead a bhailiú do Cancer Care West agus an Gavin Glynn Foundation. Cúiseanna maithe, carthanais do leanaí agus daoine fásta atá buailte le hailse. Pósfaidh beirt ón gcliar sa Galway Bay Hotel amárach agus is féidir leatsa a bheith i láthair! Bí ann don bhfáiltiú, béile, fíon agus siamsaíocht na hoíche nuair a sheinnfidh an banna ceoil Oddity! Más mian leat a bheith i láthair, ceannaigh ticéad ag an nasc seo https://www.tickettailor.com/events/rosnarn 

€35 atá orthu!

Tionól Chiarraí 2018, Óstán an Meadowlands, 23-24 Samhain ’18

Eagrófar Tionól Chiarraí an deireadh seachtaine seo i gCiarraí. Is in Óstán an Meadowlands a bheidh na himeachtaí, atá á n-eagrú ag Conradh na Gaeilge i bpáirt le scríbhneoirí na Gaeilge. Beidh léacht le Alan Titley le clos anocht, dar teideal ‘Cérbh é Buachaill Bán na nAmhrán’, agus deis ceisteanna a chur air i ndiaidh na cainte. Cloisfear léacht ón Dr Breandán Ó Cróinín chomh maith, faoi ‘Eachtra Thaidhg Uí Chróinín’, chomh maith le gearrchaint ó Mhícheál Ó Ruairc!   

Seoltaí Leabhar le Futa Fata, Seanscoil Sailearna, Dé Domhnaigh, 25 Samhain @ 16:00

Tá ócáid dheas do dhaoine óga beartaithe do Sheanscoil Sailearna, Indreabhán Dé Domhnaigh. Seolfar ceithre leabhar atá foilsithe ag Futa Fata ar an lá. Mo Theachín gan Chuma gan Chaoi le Julia Donaldson aistrithe go Gaeilge ag Tadhg Mac Dhonnagáin; Percy Péacóg le Gemma Breathnach agus Tarsila Kruse; Beag Bídeach le Sadhbh Devlin agus Róisín Hahessy; Peigín Leitir Móir le Tadhg Mac Dhonnagáin (eagrán ceiliúrtha 10 mbliana). Beidh ceol le clos ag an ócáid agus go leor scéalaíochta chomh maith! Níl aon chostas ar thicéad, agus cuirfear fáilte roimh chách!

Oíche Ómóis d’Aodh Ó Domhnaill, Áras na Scríbhneoirí, Baile Átha Cliath, Dé Luain, 26 Samhain @ 19:00

Beidh oíche ómóis d’Aodh Ó Domhnaill ar bun i lár chathair Bhaile Átha Cliath an Luan beag seo. Cailleadh Aodh ag tús na bliana. Bhí a rian fágtha go láidir aige ar shaol na drámaíochta san ardchathair agus timpeall na tíre i gcoitinne. Bhí ana-cheangal idir é féin agus Aisteoirí Bulfin agus beidh cuid de na baill ón ngrúpa drámaíochta sin ag léiriú ómóis dó oíche Luain, nuair a chanfar na hamhráin a chum sé agus nuair a léireofar radharcanna ó na drámaí a tháinig óna pheann. Gealltar oíche cheolmhar, phléisiúrtha, i measc a chairde agus a chlainne. 

Pop up Gaeltacht, Bison Bar, Déardaoin, 29 Samhain @ 20:00; agus Seoladh BLOC, Workman’s Club, Cé Wellington @ 19:00

Táim ag súil go mór le Pop Up na Samhna, a bheidh ar bun sa Bison Bar i mBÁC. Buailte leis an mbeár sin tá The Workman’s Club agus is ann a bheidh seoladh an ardáin BLOC, an oíche chéanna! Nach áisiúil! Gealltar burgair saor in aisce agus beidh cluichíocht bheo ar siúl ar an oíche chomh maith, mar aon le ceol beo ó Dháithí! Dála an scéil, tá físeán díreach seolta ag Dáithí dá phíosa cumadóireachta Orange (le Sinéad White), agus is féidir féachaint air anseo. Mícheál Ó Ciaraidh a bheidh mar fhear an tí, agus beidh an gabhar á rósta ar na héinne. Cífidh mé ann sibh.

SCÉALTA EILE