Banna Gaeilge a mheall ceann de na sluaite ba mhó

D’fhilleas i mbliana ar fhéile cheoil na Picnice Leictrí, tar éis na dtrí bliana ó bhíos go deireanach ann. Bhí deireadh seachtaine gnóthach go leor agam – thugas fé Insta-takeover a dhéanamh do Molscéal Dé hAoine, thugas tionlacan d’fhilí éagsúla ag REIC Dé Sathairn, agus sheinneas gig mar chuid de bhanna ceoil le Lauren Ní Chasaide agus Jill McMahon Dé Domhnaigh. Mé ag teacht chugham féin Dé Luain agus díleá á dhéanamh agam ar ar thit amach. Seo mar a bhí agam:

Bhí fuathaitheoirí a thug fé na meáin shóisialta sna seachtainí roimh an bhféile d’fhonn trolláil a dhéanamh ar chainteoirí Gaeilge ar mhaithe le haird a tharraingt orthu féin:

Gach seans gur chuala an duine seo roinnt den fhlúirse Gaeilge a labhraíodh ag an bhféile seo, má chuaigh, agus alltacht air nó uirthi dá bharr san, tá súil agam. Tá an Puball Gaeilge ag tabhairt ardáin don teanga le deich mbliana, ach táthar tar éis a bheith ag tógaint ar an ngníomh ceannródaíoch sin riamh ó shin, agus dá thoradh san tá anois trí ionad éagsúla ina mbíonn an Ghaeilge lárnach — an Puball Gaeilge thuasluaite, stáitse an Hazelwood nó an Chollchoill mar a thugtar sa ghnáthchaint air, agus an láithreán ‘Gaeltachta’ a bhfuil sárobair á déanamh ag Conradh na Gaeilge ar a shon.

Scaipthe ar fud na féile atá na hionaid seo, ach is maith ann an tionchar a bhíonn acu ar Electric Picnic mar aonad. Níorbh annamh lucht freastail na mbeáranna dom fhreagairt as Gaelainn agus mo phiúnt á cheannach agam. 

Bhí díomá orm ná raibh aon teacht ar scáileán do dhaoine a dteastódh uathu faire ar cheann des na cluichí Gaelacha is tábhachtaí sa bhliain – cluiche ceannais na caide idir Ciarraí agus Baile Átha Cliath. Chailleas roinnt mhaith de mo pháirtithe Gaeltachta ó Chiarraí dá bharr san. Cuid acu a raibh sé de sheans leothu ticéad le dul go Páirc an Chrócaigh, cuid eile a chuaigh chomh fada le tábhairní an tSráidbhaile agus pórtar a ól le muintir Laoise ná cíonn rómhinic Páirc an Chrócaigh dóibh féin.

Roinnt mhaith den alt scríte agam agus gan aon trácht déanta ar chúrsaí ceoil agam! 

Cuimhnigh ina theannta seo ar fad gur banna ceoil Gaeilge a mheall ceann de na sluaite ba mhó a bhain stáitse Terminus i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Kneecap gan dabht atá i gceist agam, suas le sé mhíle de lucht éisteachta acu d’fhéile cheoil dheireanach an tsamhraidh, díreach roimis a dturas ar fud na tíre a gcuirfear tús leis i nDoire ar an 20 Meán Fómhair. 

Bhí bleaist cheart chumhaidh le fáil agam agus laochra mo dhéagbhlianta le feiscint ar an stáitse agam – The Strokes as Manhattan. 

Ainneoin an drabhláis ba shoiléir a bheith ar siúl acu díreach roimh an gceolchoirm, agus go leanúnach buanseasmhach ar feadh fiche bliain roimhe sin chomh maith, sheinneadar seit snasta stuama, na clasaicí ar fad á gcaitheamh amach go tiubh te acu. 

Mheall an tsuim is dual dom sna carbháin go dtí stáitse an Trailer Park mé – is ann a thána suas le rapadóirí Lú, TPM. Amhráin ghrinn ar ábhair chomh héagsúil le curry agus le híocaíochtaí leasa shóisialaigh a bhíonn á scríobh acu san.

Nílim chun éinne ar leith de na laochra go léir a chonac ar stáitse an Phubaill Gaeilge a lua de bharr nach féidir gach duine a lua agus dá luafainn dornán is é an éagóir a bheinn ag tabhairt don mórán ná luafainn. Ach tá cion ar leith agam ar Ceibeabairéidh, na healaíontóirí ar tugadh An Cabaret Queeráilte tamall orthu — togra ceoil ealaíonta aduaidh ó chathracha Chúige Uladh atá ann.

Ó thaobh an bhéil bheo de, b’álainn an tamall dom a bheith ag sú na gréine lasmuigh nuair ná fuaireas a bheith istigh sa phuball ina raibh podchraoladh beo á dhéanamh ag an bhfear grinn agus ealaíontóir Blindboy Boatclub.

Ní raibh cúrsaí aimsire rómhaith sa tír seo le mí anuas, ach idir mí Lúnasa agus Meán an Fhómhair a thit imeachtaí na féile seo amach, agus leis an mí nua seo a tháinig chughainn ar an lá deireanach den fhéile, ba chosúil athrú aeráide a bheith ar na bioráin sa ghearrthéarma dúinn. 

Isteach is amach as limistéar na bhfichidí ó thaobh céim celsius a bhí tráthóntaí na féile, agus ní mór an braon báistí a dhein sé nó gur thug oilithrigh na féile an bóthar abhaile maidin Dé Luain orthu féin – amhail is go raibh dúlra an tSráidbhaile ag caoineadh ár n-imeachta agus na deora goil á sileadh aige. Ach beidh aríst ann.


SCÉALTA EILE