Beannachtaí na Féile Seoirse

Inniu Lá Fhéile Seoirse, nó El Dia de la Rosa/El Dia del Llibre mar a thugtar air scaití sa gCatalóin, tír a bhfuil Seoirse ina éarlamh air. Is fearr an aithne atá ag muintir na hÉireann ar Sheoirse mar éarlamh Shasana agus is maith is eol dúinn a bhratach — an chrois dhearg ar chúlra bán a fheictear ag cluichí rugbaí agus sacair go minic. 

Ainneoin gurb é éarlamh na tíre sin, is beag Sasanach a cheiliúrann a fhéile agus is gnáthlá oibre i  Sasana atá ann inniu. Ní hamhlaidh an scéal sa gCatalóin, nó go deimhin sna ceithre thír eile atá faoi phátrúnacht an Phalaistínigh naofa — Málta, an tSeoirsia, an Phortaingéil agus an Rómáin. 

Inniu, tá sráideanna Barcelona agus bailte uile na Catalóine ag cur thar maoil le rósanna agus le leabhair mar gheall ar thraidisiún fadbhunaithe a bhaineann le Seoirse Naofa. Tá lucht na leabhar ag súil go ndíolfar os cionn 1.5 milliún leabhar faoi dheireadh an lae agus lucht na mbláthanna níos uaillmhianaí fós agus súil acu sin os cionn sé mhilliún rós a dhíol. De réir eolas a d’fhoilsigh Cumann na nDíoltóirí Leabhar sa gCatalóin, díoltar tuairim is 8% den díolachán bliantúil ar El Dia Sant Jordi sa tír sin. Bíonn ceoltóirí ar shráideanna na gcathracha agus bíonn údair ag díol agus ag síniú a leabhar féin i mbotháin timpeall na cathrach ar feadh an lae. 

Ba sa 15ú hAois a glacadh le Seoirse Naofa mar éarlamh ar an gCatalóin agus tá leagan de scéal cáiliúil an naoimh i seanchas na Catalóine freisin. Is iomaí íomhá de Sheoirse agus cloigeann dragain faoina chois aige nó é in éineacht le bean a bhfuil gúna pósta uirthi. Baineann an scéal sin, den chuid is mó, leis an Meánoirthear, mar ar mharaigh Seoirse an dragan Ascalon agus shábháil sé banphrionsa a bhí le híobairt. 

Sa leagan Catalónach den scéal, is i Montblanc na Catalóine a tharla an eachtra agus nuair a mharaigh Seoirse an dragan, dhoirt a fhuil ar an talamh agus d’fhás rós san áit a deargadh. Thug sé an rós dearg don bhanphrionsa agus is as sin a thagann nós na Catalóine rós a bhronnadh ar dhaoine ar an tsráid. 

Tá nós na leabhar i bhfad níos nua-aimseartha. Sa bhliain 1931, cuireadh tús le hAonach Leabhar in Barcelona ar an 23 Aibreán — cothrom an lae a cuireadh an scríbhneoir cáiliúil Spáinneach Miguel de Cervantes, a scríobh Don Quixote. Ó shin i leith, tá traidisiún na leabhar go tréan ann sa gCatalóin ar an lá sin, fiú le linn réimeas Franco (1939-1974) nuair a bhí cosc ar leabhair Chatalóinise a dhíol sa tír. 

Aisteach go leor, ba ar an 23 Aibreán, sa bhliain chéanna, a fuair scríbhneoir mór Shasana, William Shakespeare, bás agus ceiliúrtar an litríocht i Sasana ar an lá céanna freisin. Ar ndóigh, tá traidisiún nua na nGael, Leabhra Feabhra, ag dul ó neart go neart ó cuireadh tús leis cúpla bliain ó shin, ar Lá Fhéile Bríde, traidisiún a bunaíodh ar nós Bascach. 

SCÉALTA EILE