• Cultúr
  • Teic
  • Saol
  • Meáin
  • Taisteal
  • Gníomhaíochas
  • Gradaim NÓS 2021
  • Físeáin NÓS
  • Faoi NÓS
  • Teagmháil
  • Cultúr
    • Ceol
    • Scannáin
    • Leabhair
    • Ardán
    • Cartúin
  • Teic
  • Saol
    • Bia
    • Sláinte
    • Stíl
    • Craiceann
    • Spórt
  • Meáin
    • Raidió
    • Sóisialta
  • Taisteal
  • Gníomhaíochas
    • Teanga
    • Polaitíocht
    • Comhshaol
  • Físeáin NÓS
  • Fúinn

Share this...
Share on Facebook
Facebook
Pin on Pinterest
Pinterest
Tweet about this on Twitter
Twitter
Share on LinkedIn
Linkedin

NÓS

5ú Meán Fómhair 2016

Cultúr#ep2016

      Beocht, saoirse agus na Rubberbandits!
      Féasta na Picnice sa Phuball Gaeilge


      Tharraing an Puball Gaeilge idir óg agus aosta le chéile ag an Phicnic Leictreach i gCo.Laoise ag an deireadh seachtaine agus is cinnte go mairfidh sé i gcuimhne a raibh i láthair go ceann tamaill fhada.

      Tá moladh mór tuillte ag Rossa Ó Snodaigh agus a chairde ar fad as sárchlar ceoil agus siamsa a chur ar siúl arís i mbliana.

      GaelGÁIRÍ a chuir tús leis an aicsean Dé hAoine agus tháinig sraith mhór siamsaíochta – ón cheoldráma ‘Bréalú’ go gig Spats Columbo – chun stáitse ina dhiaidh.

      D’éirigh le cainteanna Imbolc tús machnamhach a chur leis an lá Dé Sathairn, agus bhí ‘Karaoke na n80í’, seit iontach leis an tríréad giofógach Na Latchikos agus filíocht leis na reacairí Séamus Barra Ó Súilleabháin, Carrie Harding agus Ciara Ní É i measc na mbuaicphointí a lean.

      Sin ar fad sula gcuireadh tús leis an Chabaret Craiceáilte fiú, agus a leithéid de Chabaret, a chairde!

      I measc noiméidí speisialta an EP, bhí Na Rubberbandtis, a phléasc amach ar an ardán gan choinne agus an t-amhrán mór ‘Róisín, Ba mhaith liom bruíon le d’athair’ a cheol acu, in éineacht le Muireann Nic Amhlaoibh.

      Is beag nach ndeachaigh an puball agus an lucht féachana istigh ann ar eitilt leis an oiread fuinnimh a bhí le brath ann.

      I measc na mbuaicphointí Dé Domhnaigh bhí steipeanna sexyáilte Sibéal Davitt, na drámaí ‘Éire: Conas teacht slán’ le Sean agus Niall McDonagh agus ‘Stair Wars’ le Fíbín, agus siamsa NÓS.

      Onóir mhór do NÓS críoch cheolmhar a chur le himeachtaí an Phubaill Ghaeilge go ceann bliana eile agus a bhuíochas mór le Synead Toomey, Dysania, Rís, Navá agus Seo Linn as scoth an cheoil!

      DSADNG!


      Pictiúir le Sam Keenan agus Lisa Nic an Bhreithimh ó fhoireann Raidió na Life. 

      Scéalta Eile

      Leabhar nua filíochta ó ‘Gaylgeoirí’

      ‘Foscail do bhéal, do theanga, do chroí’ – amhrán nua pop ar son na Gàidhlig le heisiúint anocht

      Ábhar machnaimh ar shaincheisteanna an lae inniu é ‘The Irrational Ape’

      Na scannáin is fiú a fheiceáil in 2021

      Léarscáil ealaíonta Ghaeilge de Dhoire deartha ag ailtire óg as an gcathair



      Nós

      Is iris chultúir í NÓS a thugann léargas beoga Gaelach ar an saol thart orainn. Tá muid anseo chun spraoi, machnamh agus gníomh a spreagadh.

      Déan. Bris. Léigh.
      • Faoi NÓS
      • Físeáin NÓS
      • Gradaim NÓS 2021
      • Fógraíocht
      • Teagmháil
      • About NÓS
      Teagmháil

      Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
      216 Bóthar na bhFál
      Béal Feirste
      BT12 6AH
      eolas@nos.ie


      cc.white  2020 Rua Media