‘Bhí daoine aiteacha in Éirinn sula raibh an t-ainm Éire ar an tír’

Tá borradh mór tagtha faoi líon na n-imeachtaí aiteacha a bhíonn á reáchtáil i saol na Gaeilge le blianta beaga anuas agus is a bhuí leis an obair iontach atá curtha isteach ag leithéid an Queercal Comhrá agus an comharghrúpa ealaíon AerachAiteachGaelach go bhfuil an “mionlach taobh istigh de mhionlach” le feiceáil níos minice agus ar ardáin níos mó. Labhair mé le beirt atá sáite sa saol aerach agus Gaelach i mBaile Átha Cliath, Eoin McEvoy agus Ciara Ní É, faoin dul chun cinn atá déanta le tamall de bhlianta anuas. 

Bhunaigh an bheirt acu AerachAiteachGaelach i mí Eanáir na bliana 2020 in Amharclann na Mainistreach, ach tháinig an grúpa le chéile “ar bhealach orgánach”, dar le Ciara. 

“Bhí mise agus Eoin McEvoy ag obair le chéile le cúpla bliain ag eagrú imeachtaí dírithe ar dhaoine LADTA+ a raibh Gaeilge acu, agus thugamar faoi deara agus muid i bhfeighil ar na himeachtaí seo go raibh go leor daoine aiteacha le Gaeilge, a bhí ina n-ealaíontóirí chomh maith. Bhí filí, ceoltóirí agus gach cineál ealaíontóirí ann. 

“Bhí cineál plean againn le fada na daoine sin a tharraingt le chéile i mbealach struchtúrtha agus fuaireamar an deis nuair a cuireadh glaoch amach do scéim a bhí ag Amharclann na Mainistreach dar teideal 5×5. Chuireamar iarratas le chéile, chuireamar isteach é agus chuireamar glaoch amach do dhaoine a mbeadh spéis acu bheith páirteach sa ghrúpa, agus tháinig go leor daoine chugainn, idir seanchairde agus daoine nua. Tá an grúpa ag fás i gcónaí,” a dúirt sí.

Tá AerachAiteachGaelach ag dul ó neart go neart agus bíonn siad an-fheiceálach i saol na Gaeilge. I measc na n-imeachtaí atá déanta acu le gairid, tá ceardlann chruthaitheachta ag Féile na Gealaí, Lá Léite Drámaí mar chuid den International Dublin Gay Theatre Festival, ceardlann chruthaitheachta do bhaill an ghrúpa agus sraith chuimsitheach imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge i mbliana. 

Is pobal bríomhar cruthaitheach Gaelach iad AerachAiteachGaelach agus mhínigh Eoin McEvoy cé chomh tábhachtach is a bhí sé ardán agus deiseanna a chruthú d’ealaíontóirí Gaelacha. 

“Eagraíonn an grúpa ilchineálach seo drámaí (Idir Mise agus Craiceann do Chluaise), seónna grinn (An Cluiche Snatch) agus comórtais scríbhneoireachta agus ealaíne i measc imeachtaí eile ar mhaithe le saothair an ghrúpa a chur ar na súile don phobal agus le deiseanna a chruthú dár gcuid ealaíontóirí. Is í an Ghaeilge meán cumarsáide an ghrúpa agus tá idir cheoltóirí, chraoltóirí, ealaíontóirí, fhilí, thaibheoirí draig, scríbhneoirí agus thaighdeoirí páirteach ann. Tacaímid leis na healaíontóirí sin ar fad trí scéalta nuachta maidir le deiseanna a scaipeadh orthu, trí bheith ag léamh a saothar agus trí bheith ag eagrú ceardlann le smaointe nua a spreagadh iontu,” a dúirt sé.

D’fhéadfá a rá gur mionlach taobh istigh de mhionlach iad na baill sa ghrúpa AerachAiteachGaelach, ós rud é gur Gaeil iad agus baill den phobal LADTA+ ag an am céanna. Dá bharr seo, bhí sé tábhachtach go mbeadh taobh sóisialta ag an ngrúpa agus buaileann ciorcal comhrá – An Queercal Comhrá – le chéile go rialta. Tá géarghá le spásanna mar seo, dar le hEoin. 

“Is é atá sa Queercal Comhrá ná spás sóisialta inar féidir linn daoine aiteacha le Gaeilge a thabhairt le chéile leis an bpobal sin a thógáil, a neartú agus a bhuanú. Is grúpa é a bhuaileann le chéile ar an tríú Déardaoin de gach mí agus bíonn craic iontach ag baint leis an teacht le chéile sin. Tugann baill an Queercail aire dá chéile, roinneann siad scéalta lena chéile agus baineann siad gáire as a chéile. 

“Is aoibhinn bheith mar chuid de ghrúpa atá chomh gealgháireach agus bríomhar leo. Is gréasán oifigiúil de chuid Oireachtas na Gaeilge é an Queercal agus eagraímid teacht le chéile ag an bhféile gach bliain. Chomh maith leis an taobh sóisialta sin den scéal, cuireann an cuntas Instagram @queercalcomhra, a bhfuil mé féin i bhfeighil air, ar chumas an phobail teacht ar scéalta faoi phobal aiteach na Gaeilge, faoi ealaíona aiteacha na Gaeilge agus faoi imeachtaí nua a thabharfaidh an pobal le chéile. De réir a chéile tá stair phobal aiteach na Gaeilge á bailiú ar an gcuntas sin agus tá an pobal á neartú tríd,” a dúirt sé.

Idir Mise agus Craiceann Do Chluaise

Bíonn an-chraic ag baint le AerachAiteachGaelach agus an Queercal Comhrá, ach tá obair an-tábhachtach agus ceannródaíoch a déanamh acu ag an am céanna. Thuigeamar seo anuraidh nuair a léirigh Aerach Aiteach Gaelach an dráma idirghníomhach fuaime Idir Mise agus Craiceann do Chluaisemar chuid den Dublin Fringe anuraidh. Bhí an togra seo gar do chroí Eoin. 

“B’in an t-imeacht is mó ar chuir muid ár gcuid fuinnimh isteach ann go dtí seo agus bhí an-rath air, más muid féin a deir é! Is é ábhar an dráma ná saol Alan Walpole, fíordhuine agus ball den Queercal Comhrá a theith óna shaol coimeádach plúchta in Éirinn sna 1980idí le saol níos fearr a lorg dó féin i Sasana. 

“Bhí sé tábhachtach dom féin is do Chiara Ní É mar scríbhneoirí agus mar léiritheoirí go mbeadh glór an phríomhcharachtair, Alan Walpole, chun tosaigh sa scéal agus go bhféadfadh sé an scéal sin ó ghlúin aiteach na 1980idí in Éirinn a roinnt le pobal na Gaeilge le nach ligfí i ndearmad é,” a dúirt sé.

Dráma cumhachtach, tochtmhar, eisceachtúil a bhí ann, a léirigh an dul chun cinn atá déanta againn mar shochaí, chomh maith leis an méid atá le déanamh go fóill againn. Léiriú den chaighdeán is airde a bhí ann, agus bhain AerachAiteachGaelach leas as na buanna agus na scileanna a bhí ag baill an ghrúpa leis an ardchaighdeán sin a bhaint amach. 

Beidh an Bál Aiteach ag tarlú le ceiliúradh a dhéanamh ar Bhród agus beidh roinnt mhaith imeachtaí agus féilte eile i saol na Gaeilge a reáchtáil leis an sprioc chéanna, leithéidí Bhród na Gaeltachta a bheidh ar siúl i dTír Chonaill ón 18-23 Iúil agus Cóisir Lá Bród atá pleanáilte ag Áras na nGael don 22 Iúil i nGaillimh.

Tuigeann Ciara Ní É cé chomh tábhachtach is atá sé go ndéanfar ceiliúradh ar Bhród i bpobal na Gaeilge. 

“Tá sé an-spéisiúil anois mar nílim chomh sean sin ach nuair a bhí mé ag fás aníos, ní raibh mórán daoine feiceálach i saol na Gaeilge a bhí aiteach, agus anois tá an Queercal Comhrá ann. Tá AerachAiteachGaelach ann. Tá go leor tionchairí ar na meáin shóisialta ón phobal LADTA+. Tá siad an-sonrach faoi sin. Tá siad an-oscailte faoi sin, agus is gluaiseacht sin atá ag tarlú i saol an Bhéarla leis, ach is dócha gur thóg sé píosa níos mó ama i saol na Gaeilge toisc gur pobal níos lú muid. 

“Tá sé iontach tábhachtach [Bród a cheiliúradh]. Is saol trí Ghaeilge atá uainn. Mar dhuine aiteach, mura féidir leat daoine aiteacha a fheiceáil i saol na Gaeilge, conas is féidir leat saol trí Ghaeilge a shamhlú duit féin? Mar sin, tá sé iontach tábhachtach anois go bhfuilimid ag déanamh athshamhlú ar shaol na Gaeilge, agus is fiú féachaint siar ar an saol a bhí ann. Bhí daoine aiteacha ann. B’fhéidir nach raibh siad in ann sin a léiriú. B’fhéidir gur léirigh siad é go rúnda. B’fhéidir gur choinnigh siad é mar rún i gcónaí. Ach bhí daoine aiteacha ann i gcónaí agus tá dán iontach ag Sam Ó Fearraigh darbh ainm ‘Mise Aerach’ ina ndeir sé “Bhí mé ann i measc na ndaoine a thrasnaigh droichead talún atá anois faoi thoinn.” Bhí daoine aiteacha ina Éirinn sula raibh an t-ainm Éire ar an tír, agus beimid ann, agus tá Gaeilge againn, agus táimid anseo. Táimid an-sásta a bheith in ann é sin a cheiliúradh,” a dúirt sí. 

Tá eolas faoin ngrúpa AerachAiteachGaelach le léamh ag www.aerachaiteachgaelach.net agus tá siad ar Twitter ag @AerachG.