‘Bhí sé deacair ‘Gaeilge Kim Karadashian’ a chumadh!’

Dúirt Rút Ní Theimhneáin, buaiteoir an Chluiche Snatch a reáchtáladh ag an deireadh seachtaine, go raibh sé “deacair ‘Gaeilge Kim Karadashian’ a chumadh” don chomórtas.

Ba í Rút Ní Theimhneáin a thug an chraobh léi ag an leagan Gaeilge den Chluiche Snatch a craoladh ar YouTube an ghrúpa AerachAiteachGaelach ag an deireadh seachtaine. Bhuaigh Rút, atá ina cónaí i gCeanada, an duais €300 sa chomórtas a reáchtáladh mar chuid den fhéile Bród Dé Sathairn. 

Chuir Rút cló an tionchaire Kim Karadashian uirthi féin agus í san iomaíocht le leithéidí ‘Finnzer Mac Cumhaill ó Choláiste Eoin (Eoin P Ó Murchú), ‘Cruella de Ville’ (Jade Pepper), Caitríona Pháidín (Dean Farrell) agus Nadine Coyle (Kitty Ní Houlihán).

Dúirt Rút le NÓS gur “dúshlán maith” a bhí ann aithris cheart a dhéanamh ar Kim Karadashian ach gur thaitin an comórtas go mór léi. 

“Is ball den Queercal Comhrá mé, an ciorcal comhrá LADTA a bhailíonn le chéile chun Gaeilge a labhairt lena chéile ar Zoom. Tá Kevin Johnston ina bhall den ghrúpa céanna agus dúirt sé liom go raibh sé ag iarraidh an Snatch Game a dhéanamh as Gaeilge agus theastaigh uaim páirt a thógáil ann ar an bpointe boise.

“Bhí sé sách deacair aithris a dhéanamh ar Kim Karadashian toisc gur duine gealgháireach mé, ach tá taithí agam a bheith ag féachtaint ar na Karadashians agus an clár atá acu. An rud ba dheacra ná rud ar bith eile ná frásaí Kim a aistriú agus ‘Gaeilge Kim Karadashian’ a chur ar fáil,” a dúirt sí. 

Dúirt Rút gur mhór an taitneamh a bhain sí as an gcomórtas agus go molfadh sí do dhaoine eile páirt a ghlacadh má bhíonn sé ann arís. 

“Is deis atá ann aithris a dhéanamh ar aon charachtar is mian leat, is cuma cé acu fear nó bean é, agus píosa spraoi a bhaint amach. Bhí na hiomaitheoirí eile a bhí sa chomórtas liom ar chaighdeán an-mhaith agus rinne na heagraithe obair mhaith freisin,” a dúirt sí. 

Dúirt eagraí an chomórtais, Kevin Johston, le NÓS go ndearna Rút “aithris iontach” ar Kim Karadashian agus ghabh sé “buíochas ollmhór” le gach duine a ghlac páirt sa Chluiche Snatch “go háirithe an tacaíocht sa chúlra ó Eoin McEvoy agus Ciara Ní É” ón ngrúpa AerachAiteachGaelach. 

SCÉALTA EILE