Bímis sa Dreoilín…

Inniu, beidh Aoife Granville i measc na gcéadta a bheas amuigh ar shráideanna an Daingin, áit a mbeidh mórfhéasta ‘Lá an Dreoilín’ sa tsiúl. Labhair sí linn faoi na nósanna a bhaineann leis an lá agus molann sí do Ghaeil na tíre an traidisiún a thabhairt ar ais ina gceantair féin.


Beidh spioraid in airde sa Daingean inniu agus Lá an Dreoilín á cheiliúradh ag muintir an bhaile.

Is traidisiún é seo a bhíodh á chleachtadh go forleathan timpeall na tíre ar an lá seo, an 26 Nollaig.

Cé gur imigh sé i laige ag tús an chéid seo caite, mhair an Dreoilín – nó na cleamairí a bhaineann leis – i gceantair thuaithe ar nós Ard Mhacha, Fear Manach, Sligeach, tuaisceart Chorcaí agus iarthar Luimnigh.

Is i gCorca Dhuibhne áfach atá an traidisiún ársa fós faoi bhláth ar Lá Fhéile Stiofáin agus an cleachtas réamh-Chríostaí seo go fóill ina steillbheatha.

dreoilin2

Bí cinnte go mbeidh óg agus aosta amuigh ar shráideanna Dhaingean Uí Chúis gan mhoill le haghaidh imeachtaí spleodracha an lae, iad gléasta i gcultacha traidisiúnta déanta de thuí, feisteas ildathach agus púicíní (masks).

Ag labhairt di le NÓS dúirt Aoife Granville, a bhfuil dochtúireacht déanta aici ar an Dreoilín sa Daingean agus a sheinn an fheadóg le Dreoilín Shráid Eoin ag fás aníos, go bhfuil “ana-mheas ag muintir an bhaile ar an traidisiún, agus ag an ghlúin óg go háirithe”.

“Bíonn clanna iomlána le feiscint amuigh le chéile ar Lá an Dreoilín,” arsa Aoife.

“Sa Dreoilín s’againne i Sráid Eoin, bíonn muintir Uí Mhóráin ar fad amuigh – thart ar 20 acu – agus cuid acu a thagann ó Bhaile Átha Cliath agus áiteanna eile chun a bheith páirteach ann. Tá siad go hiontach ar fad agus cuireann siad lenár nDreoilín go mór.”

Ní amháin go mbíonn ard-atmaisféar pobail le brath ar an lá ach bíonn daoine ag teacht le chéile le hullmhú don mhórshiúl roimh ré.

Maireann sé sa bhéaloideas gur beireadh scata buachaillí óga ar dhreoilín ar an lá seo, go maraídís an t-éinín beag agus go gcaithidís uaireanta an lae ag ceol agus ag bailiú airgid ó mhuintir na háite a rachadh i dtreo dhamhsa mór na hoíche sin – rud nár thaitin leis an eaglais Chaitliceach ar ndóigh.

Thuill siad an t-ainm The Wren Boys nó ‘na Dreoilíní’ dá bharr.

Is spéisiúil áfach nár tháinig Aoife “ar aon tagairt ná fianaise gur rugadh ar dhreoilíní (éin), ná gur maraíodh iad” sa Daingean.

Sa lá inniu ní mharaítear aon éan ar Lá an Dreoilín ach tá oidhreacht an traidisiúin le brath in ainm na féile, san fheisteas a chaitear ar an lá agus tchítear in amanna i ngrúpaí ar leith, éan beag neadaithe i hata tuí go haithriseach mar a bheadh an dreoilín féin ann.

Is cuid an-tábhachtach den cheiliúradh é na cultacha tuí a bhíonn á gcaitheamh ar an lá agus is traidisiún é a chuirtear ar aghaidh fríd na glúnta.

hatai

“Nuair a bhíomar óg d’fhoghlaimíomar conas iad a dhéanamh,” a mhíníonn Aoife.

“Sin an nós a bhíonn ann, tarraingítear isteach leanaí óga agus foghlaimíonn siad bliain i ndiaidh bliana agus bíonn siad an-mhaith faoin am go mbíonn siad sna déaga.

“Bheadh an nós ann úsáid a bhaint as tuí in ana-chuid féilte agus sean-charnabhail ar fud an domhain agus tá sé le ciall mar go raibh tuí ar fáil, bhí sé saor, agus cheil sé daoine go maith.”

Inniu is meascán de phúicíní nua-aimseartha agus feisteas tuí a bhíonn le feiceáil.

“Is nós anois ag an-chuid de na peileadóirí ar an mbaile a théann ag dreoilín na maisc chéanna a chaitheamh.

“Is cuimhin liom anuraidh go raibh an-chuid Barack Obamas thart,” arsa Aoife.

Tá gnéithe éagsúla ag baint le ceiliúradh Lá an Dreoilín i gceantair dhifriúla.

In iarthar Chiarraí tá ceann capaill bréige i gcroílár mhórshiúil an Dreoilín, a shuíonn ar ghuaillí duine de na Dreoilíní.

Eisceacht é an Daingean, áit a seinntear poirt áirithe ar an lá agus a mbíonn comórtas croíúil idir na cheithre ghrúpa a théann amach ag Dreoilín.

Le 20 bliain anuas, tá iarrachtaí ar bun ag grúpa i mBÁC agus i gcathair Chorcaí athbheochan a dhéanamh ar Lá an Dreoilín agus ba dheas an rud é, dar le hAoife, an traidisiún a thabhairt ar ais timpeall na tíre.

“Just dein é!” an teachtaireacht atá aici.

“Beidh sé ábhairín deacair gach éinne ar an mbaile a mhealladh amach ach tosaigh le grúpa beag ar dtús.

“Tá ana-chraic ag baint le gléasadh suas agus imeacht amach ar an nDreoilín.”

“Má bhíonn tú is do chomhluadar ag ceiliúradh, ag liúraigh agus ag baint taitneamh as an lá, rachaidh sé i bhfeidhm ar dhaoine eile agus táim cinnte go mbeidh níos mó ag iarraidh bheith páirteach an bhliain seo chugainn!”


Má tá spreagadh sa bhreis uait caithigí súil ar an tuairisc seo a rinne Seán Mac an tSíthigh (TG4) faoin chraic ar fad a bhaineann leis an Dreoilín ar an Daingean. Bígí ag faire amach d’Aoife atá i lár an aonaigh i ndathanna Shráid Eoin, le péint ghorm agus púicín ar a haghaidh!

SCÉALTA EILE