‘Blaiseadh des na haon rud agus ábhar dos na haon duine ag Féile na Bealtaine’

Táim tugtha traochta agus ar tinneall tar éis na féile, lán de shamhlaíocht agus d’fhuinneamh ealaíonta. Nach ait mar a théann rudaí i bhfeidhm ar an nduine. Féile na Bealtaine. Chuala cúpla duine á rá i rith an deireadh seachtaine gurb í an fhéile is fearr a bhíonn sa Daingean í. Caithfidh mé a rá go bhfuil sí ar cheann de na cinn is mó a thaitníonn liomsa, mar aon leis an bhFéile Bia. Dála an scéil, beidh san ar bun an deireadh seachtaine deireanach de mhí Mheán Fómhair, mar sin, cuiríg an lóistín in áirithint gan a thuilleadh moille.

Táimse chun cur síos a dhéanamh daoibh ar dhá imeacht go rabhas acu le linn na féile, agus, NÍ ag an bPagan Rave a bhíos. An mé an t-aon duine ar leithinis Chorca Dhuibhne nach raibh ann? Deinim amach gur mé.

Chuas chomh fada le Caifé Abhainn an Scáil ar maidin Dé Sathairn chun freastal ar cheardlann choróin bláthanna na hÚcráine. Ní raibh sé chomh deacair is a cheapas a bheadh. Chaith na haon duine againn dhá bhláth déag a roghnú ós na buicéid a bhí lán le bláthanna ildaite; lus na gréine, labhandar agus rósanna bán dearga is bána. Bhí ualach duilleoga difriúla leis ar fáil dúinn. 

Fuaireamar go léir píosa fada de shreang uaine ar dtús agus chuireamar timpeall ár gceann é chun an méid a thomhas. Ba é seo bunchloch na corónach. Chasamar duilleog mhór fhada agus a géaga timpeall air sin, géaga a bhí ana-oiriúnach don gcoróin mar ba dheacair iad a bhriseadh. Ansan, dheineamar cúig cinn de dhoirn bláthanna a chur le chéile agus bhain bean na ceardlainne an gas des na haon cheann acu, suas isteach go dtí an stumpa, geall leis. 

Fuaireamar sreang bheag uaine ansan le cur timpeall go teann ar na haon dorn acu, chun ná beidís ag titim ó chéile. Bhí sé in am iad a chur ar an gcoróin. Tosnaigh san áit a mbuailfidh an choróin le do chluasa agus buail an dorn is lú ansan, ceangailte isteach le sreang amháin eile go teann. Lean ort ansan, i dtreo bharr do chinn, ag bualadh na ndorn bláthanna síos isteach faoina chéile, ceann ar cheann agus críochnaigh sa lár. 

Tosnaigh ansan ag an gcluas eile, agus lean ort go dtí lár do chinn, mar a mbuailfidh an dá thaobh le chéile. Féadfaidh tú lus na gréine a chur sa lár más áil leat. Bhí posies triomaithe againn chomh maith agus chuireamar isteach iadsan anseo is ansúd, má bhí aon chuid den gcoróin saghas dealbh ag féachaint. 

Thug an bhean píosa fada cruithneacht óir dúinn leis, atá ina comhartha ratha san Úcráin , agus shníomar isteach tríd an gcoróin í. Ar deireadh, chaitheamar dath ár ribín a phiocadh; dearg nó bándearg a léirigh grá nó gorm ar mhaithe le socracht. Dúirt bean an tí linn go mbailíonn iníonacha, máithreacha agus seanamháithreacha timpeall an bhoird roimis ócáidí speisialta san Úcráin chun an choróin bláthanna a chur le chéile, traidisiún a thógann uaireanta fada an chloig le cur i gcrích mar ná fuil aon deireadh leis an rogha bláthanna agus eile is féidir a chur ann. Nuair a thagann an feileastram dearg chugainn an samhradh seo, caithfead tabhairt faoi choróin eile a dhéanamh. B’iontach an cúpla uair a chloig a bhí agam.

D’fhreastlaíos Dé Domhnaigh ar choirm cheoil le Pauline Scanlon, bean na Binne Báine agus an Daingin, atá i mbarr a maitheasa ar fad ó thaobh na hamhránaíochta. Bhí fuaim ana-éagsúil ag Pauline Dé Domhnaigh le hais coirmeacha eile atá déanta aici. Bhí giotár leictreach ina teannta, agus cailín á sheinmt, a bhí nótáltha, pointeálta. Bhí na drumaí ann, á seinmt ag fear Phauline, Éamonn, agus bhí méarchlár ana chool ar fad ar stáitse á sheinmt ag fear eile sa chúlra. 

Bhí Nicola Joyce ón mbanna The Whileaways ar stáitse i mbun séise le Pauline. Na haon amhrán a chan sí, bhíodar níos fearr ná a chéile. Cuid acu, óna halbam nua The Unquiet, cuid eile acu ó albaim eile. Is é an ceann ba mhó a thaitin liomsa ná The Old Churchyard. Ní chuala chomh maith riamh é á chanadh aici. Línte an amhráin ag caint ar na mairbh atá curtha i seanareilig sáipéil agus go bhfuil piliúir na marbh ann go domhain faoin gcré.

Ba dheacair gan an deoir a theacht i do shúil, agus na mairbh mórthimpeall orainn i gclós Sháipéal San Séamus sa Daingean, mar a raibh an choirm. Bhí Pauline go hiontach ar fad beo, cumhachtach, láidir, ionraic, mothúchánach agus bhí a teacht i láthair gan cháim. Bhí craic ag baint léi chomh maith, mar a bhíonn i gcónaí.

Labhair sí ar a halbam nua, atá tiomnaithe dá máthair, Eibhlín, atá ar shlí na fírinne agus ar an dtaighde a bhain leis na deich raon atá air a roghnú. Baineann gach rian le gné áirithe de shaol a máthar. Is fiú é a cheannach.

Ní féidir leis an ngobachán an dá thráigh a fhreastal, agus n’fhéadfainn a bheith ag gach rud, ach idir ióga, caint ar Charlie Haughey, siúlóidí dúlra, dráma ar Chath Fionn Trá agus an t-ualach mór ealaíona a bhí le feiscint breactha mórthimpeall fhuinneoga agus fhallaí an bhaile, bhí blaiseadh des na haon rud ann, agus ábhar dos na haon duine. Gura fada buan í Féile na Bealtaine.