Breithlá Chlub Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair Dé hAoine 15 Feabhra @ 20:00
Creid é nó ná creid é, ach tá Club an Chonartha 50 bliain ar an bhfód! Is mó oíche go maidin atá caite ag cuid mhór mhaith againn thíos staighre in Uimhir 6. Beidh ceiliúradh ar siúl tráthnóna agus an dáta cinniúnach seo á chomóradh ag lucht an Chlub. Beidh TradSoc UCD ar an láthair i mbun an cheoil, agus cuireadh oscailte ann do ghrúpaí a bhain leis an áit sna blianta imithe tharainn filleadh ar an bhfód don mbreithlá seo. Bí ar an eolas chomh maith, go bhfuil feachtas GoFundMe le seoladh an oíche chéanna le hairgead a bhailiú chun tabhairt faoi dheisiúcháin agus chun pleananna don gClub a chur i gcrích sna míonna romhainn. Léireofar na pleananna sin anocht!
Imbolc, Ionad Cultúrtha an Dr. Ó Loingsigh, Baile Bhúirne, Co. Chorcaí, Dé hAoine 15 & Dé Sathairn 16 Feabhra 2019
Bíonn comhdháil spreagúil ar siúl uair sa bhliain timpeall an ama seo, Imbolc an teideal atá air. Ní haon eisceacht earrach na bliana seo agus is an deireadh seachtaine seo a bheidh sé ag tarlú arís. Do dhuine nach bhfuil eolas acu ar an ócáid, cuimhnigh ar Ted Talk trí mheán na Gaeilge — sin cur síos leathan ar gach a tharlaíonn i mBaile Bhúirne.
Tionól lae atá i gceist agus mairfidh na cainteanna ó réimse leathan daoine ó mhaidin go tráthnóna. I measc na gcainteoirí i mbliana tá beirt na Pop-Uipe, Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha; an rinceoir Siobhán Ní Dhuinnín; an file agus léachtóir Ailbhe Ní Ghearbhuigh; agus Leo Creedon, matamaiticeoir agus eolaí. Chun tús a chur le himeachtaí an tionóil, beidh coirm ar bun leis an veidhleadóir Zoe Conway agus an giotáraí John McIntyre, san Ionad Cultúrtha, láthair na féile anocht!
Sean-Nós na Fearsaide, Áras Mhic Reachtain, Béal Feirste, 15, 16 Feabhra, Béal Feirste
Cuireadh tús leis an bhféile ‘Sean-Nós na Fearsaide’ Dé Céadaoin seo caite i mBéal Feirste! Tá imeachtaí go leor fós romhainn as seo go deireadh an deireadh seachtaine!
Is iad Caitlín Ní Chualáin agus Nan Tom Teaimín a bheidh i mbun ceardlanna amhránaíochta ann ar an Satharn, agus Nada Ní Chuirrín agus na deartháireacha Dhubháin (Gearóid agus Pádraig) i bhfeighil ar an gceardlann rince.
Ar an Satharn chomh maith a sheolfar albam nua Diane Ní Chanainn, Idir Mhuir agus Sliabh, agus a reáchtálfar Comórtas Cuimhneacháin Uí Chriagáin. An tráthnóna sin beidh formhór na rannpháirtithe, mar aon le buaiteoirí agus iarbhuaiteoirí phríomhchomórtais an Oireachtais ar stáitse do choirm mhór na hoíche, le hArt Hughes mar fhear an tí!
Oíche Mhór Cheoil le foireann agus mic léinn Roinn an Cheoil, Coláiste na hOllscoile i gCorcaigh, Ionad Cultúrtha an Dr. Ó Loingsigh, Baile Bhúirne, Co. Chorcaí, Déardaoin 21 Feabhra @ 20:00
Ócáid eile a bheidh ar bun in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh i gcaitheamh na seachtaine nach mór a lua ná Oíche Mhór Cheoil le foireann agus mic léinn Roinn an Cheoil, Coláiste na hOllscoile i gCorcaigh. Liosta le háireamh do cheoltóirí cumasacha a bheidh ag tabhairt faoi ardán – cuirim i gcás, Jack Talty, Máire Ní Cheilleachair, Niall Vallely, Oisín Morrison, Tríona Ní Shíocháin agus an rinceoir Nada Ní Chuirrín. Níl luaite ansin ach cuid éigin dóibh siúd a bheidh i láthair! Cead isteach — €10, ní mórán é i ndáiríre chun na ceoltóirí thuasluaite a fheiscint!
Rossa agus Rónán Ó Snodaigh, DeBarras Corcaigh, Déardaoin 21 Feabhra @ 21:00
Beidh seisiún deas ar siúl in ionad an cheoil DeBarra’s i gCloch na Coillte, Corcaigh an tseachtain seo chugainn. Is ann a bheidh na deartháireacha Rossa agus Rónán Ó Snodaigh ag seinm. Go rímhinic atá an bheirt feicthe agam in éineacht le baill eile an bhanna Kíla, ach don gcoirm áirithe seo, is díreach an duo a bheidh ann! Go deas…