Pádraig Jack, The Crane, an Ghaillimh, Dé hAoine 22 Meitheamh @ 20:30
Beidh an t-oileánach, Pádraig Jack ar stáitse ar an míntír anocht, i dtigh tábhairne an Crane sa Ghaillimh. Is sa seomra thuas staighre a bheidh fear Árann, ionad ar thug sé cuairt air ag deireadh na bliana seo caite nuair a díoladh na ticéid ar fad don seó sin — comhartha maith! Is meascán d’amhráin i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh aige féin agus a bhanna ceoil an deireadh seachtaine seo. Beidh ceoltóirí taca i mbun na siamsaíochta chomh maith i rith na hoíche, sin iad Niamh Regan agus Keith John. Osclófar na doirse ag 20:30 agus €10 costas na dticéad.
Ar Thóir na Féinne, Gleann na Smól, Dé Sathairn 23 Meitheamh @ 12:00
Is amuigh faoin aer a bheidh dráma ón gcomplacht Aisteoirí Thamhlachta ar siúl an deireadh seachtaine seo! Ar Thóir na Féinne an teideal atá air, agus léireofar é dóibh siúd a bheidh i láthair i gcroílár Ghleann na Smól. Beidh BBQ ar siúl ar an láthair chomh maith ag an ócáid seo, atá oiriúnach do theaghlaigh. Is féidir bheith i láthair ag Ionad Pobail Gleann na Smól ag meán lae, nó más mian leat comhluadar, bí ar an eolas go mbeidh dream ag bualadh le chéile lasmuigh do Rua Red ag 10am chun siúl chun na háite, (nó ag carrchlós Taiscumar Bhóthar na Bruíne ag 11:30 do shiúlóid níos gaire!) Tá an aimsir geallta go maith, tá súil agam gur amhlaidh a bheidh!
Reic
Body and Soul, Dé Sathairn 23 Meitheamh @ 12:00 (Bulmers Lounge);
Kneecap
Body and Soul, Dé Sathairn 23 Meitheamh @ 20:30, (Bulmers Lounge);
The Sound House, Déardaoin 28 Meitheamh @ 20:00 (mar aon le Pop Up an Mheithimh, The Wiley Fox);
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Dé Sathairn 30 Meitheamh @ 21:00
Má tá sibh cosúil liom féin agus sibh fós ag cuimhneamh ar Fhéile na Gealaí, is gearr go mbeidh faoiseamh agaibh. Leigheas na póite ól arís a deirtear; leigheas ghormacha Fhéile na Gealaí, dar liom, ná héisteacht arís le scoth na gceoltóirí a bhí ar ardáin na féile an deireadh seachtaine seo caite. Bhí clár iontach ag Rónán Mac Aodha Bhuí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Luain seo caite agus é ag tabhairt na mbannaí ceoil go léir chun cuimhne arís, ar Bhinneas Béil!
Bhuel, ní fada go mbeidh véarsaí Kneecap i mo cheann arís agam, agus iad le feiscint ag rapáil ar dalladh an tseachtain seo ag cúpla gig éagsúil timpeall na tíre. Is ag an bhféile Body and Soul a bheidh siad Dé Sathairn, sa Bulmers Lounge. Déardaoin, beidh a dtriail ar The Sound House, áit a dhéanfaidh siad a Mixtape a sheoladh go hoifigiúil, thuas staighre in The Wiley Fox, an t-ionad atá roghnaithe do Pop Up Gaeltacht na míosa seo! Tabharfaidh siad aghaidh ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich seachtain ón Sathairn ansin, chun é a sheoladh in athuair. Laethanta gnóthacha rompu amach!
Dála an scéil, más ag an bhféile Body and Soul a bheidh sibh, bí ar an eolas go mbeidh Reic ar bun Dé Sathairn chomh maith, óna 12pm i bpuball Bulmers. I measc na siamsóirí a bheidh i mbun filíochta agus ceoil, beidh an bunaitheoir Ciara Ní É, Eoin P. Ó Murchú, Dáire Ní Chanáin, Lauren Ní Chasaide agus tuilleadh nach iad!
Bród na nGael, Club Chonradh na Gaeilge, Déardaoin 28 Meitheamh @ 18:00
Tá ócáid eagraithe le ceiliúradh a dhéanamh ar an bhFéile Bród, i measc na nGael, Déardaoin seo chugainn. Deis í seo chun tuiscint a fháil ar stair na nGael Aiteach, agus chun aithne a chur ar phobal faoi leith. Beidh cainteanna ar siúl óna 6-9, ón Dr. Brian Lacey, údar Terrible Queer Creatures: Homosexuality in Irish History agus an Dr. John Walsh, a bheidh ag trácht ar “nuachainteoirí” LADT+. Beidh plé painéil ar bun chomh maith, sula mbeidh biongó agus seó ar siúl. Bí ar an eolas go mbeidh duais á bronnadh chomh maith i rith na hoíche, don té is fearr gléasta! Bainíg súp as.