Ba í Cáit Ní Leme a thug léi an chraobh sa chéad chomórtas filíochta a reáchtáil an grúpa nua ‘Ó Bhéal na mBan’ le deireanas. Bhuaigh Cáit príomhdhuais an chomórtais — €100 – lena dán ‘Suantraí na Trá Báine’. Foilseofar an dán ar an gcéad eagrán eile den iris Comhar. Bheartaigh Cáit an duais airgid a thabhairt ar ais do ‘Ó Bhéal na mBan’ le cur leis na himeachtaí agus tionscadail eile a bheidh ar bun ag an ngrúpa amach anseo.
Sa dara háit bhí Darragh O’Keefe as Ceann Toirc i gCorcaigh agus a dhán siúd ‘Na Geataraí’. Bronnfar €60 ar Darragh agus foilseofar a dhán san iris Motley. Ba í Orlaith Hickey a tháinig sa tríú háit sa chomórtas agus duais €60 buaite aicise freisin dá dán ‘Croitheadh Láimhe’.
Bhí húdair Áine Ní Ghlinn agus Celia de Fréine, agus Ciara Ní É, ina moltóirí. Dúirt siad go raibh “an-deacair” gan ach trí dhán a roghnú agus bheartaigh trí dhán eile a roghnú do ghradaim ‘ard-mholta’. Ar na filí eile a moladh go hard ar an oíche bhí Eoin Mc Evoy, Linda Butler, agus Síle Ní Choincheannain. Foilsíodh na trí dhán sin – ‘An tOchtú Aisling’, ‘Marbh’, agus ‘Seoidín’ ar chuntais ‘Ó Bhéal na mBan’ ar na meáin shóisialta.
Dúirt lucht eagraithe an chomórtais go raibh iontas orm faoi líon na ndaoine a chuir isteach ar an gcomórtas nua.
“Thosaigh an comórtas mar smaoineamh beag, agus cheap muid go mb’fhéidir go gcuirfeadh cúigear nó seisear isteach air, ach ag an deireadh fuarthas beagnach fiche iontráil,” a dúirt urlabhraí ón ngrúpa le NÓS.
Bunaíodh ‘Ó Bhéal na mBan’ an mhí seo caite le “béim speisialta” a chur ar fhilíocht na mban. Tá ochtar ban óga sa ghrúpa nua agus iad uilig ar ollscoil in áiteanna éagsúla ar fud na tíre. Tá sé i gceist acu imeachtaí, ceardlanna, agus comórtais a eagrú a chuirfidh fhilíocht chun cinn.