Tréaslaíonn lucht bainistíochta agus foireann NÓS leis na daoine ildánacha a bhíonn ag scríobh dúinn ar na leathanaigh seo ar a mbuanna móra ag comórtais éagsúla Oireachtas na Samhna.
Ainmníodh ar gcolúnaí Conallach Seán Ó Dubhchon i ndá rannóg ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais – ‘Colúnaí na Bliana’ dá shaothar leis an bhfoilseachán seo agus ‘Pearsa Raidió na Bliana’ don obair a dhéanann sé le Raidío Rí-Rá, Raidió na Life, agus RTÉ Raidió na Gaeltachta. Thug sé leis an trófaí i rannóg an raidió, agus is ábhar mór mórtais agus bróid dúinn in oifigí NÓS anseo ar Bhóthar na bhFál gur ainmníodh Seán as an scríbhneoireacht a dhéanann sé dúinne.

Ba í ár gcolúnaí Duibhneach, Sláine Ní Chathalláin, atá ina clár-reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta i stiúideo Bhaile na nGall chomh maith, a bhuaigh Corn na mBan – an príomhchomórtas sean-nóis do na mná – oíche Déardaoin.
Bhuaigh Sláine an comórtas cáilithe do Chorn na mBan, Corn Sheáin Óig Uí Thuama, ag Oireachtas na Samhna 2019 agus níor chuir sí aon am amú an chéad cheann eile a thabhairt thar an gConair abhaile go Corca Dhuibhne. Fágann a bua an tseachtain seo go bhfuil Sláine cáilithe do phríomhchomórtas amhránaíochta sean-nóis na tíre, Corn Uí Riada, an bhliain seo chugainn agus guíonn foireann NÓS gach rath uirthi sa chomórtas sin má thograíonn sí cur isteach air.

D’éirigh go seoigh lenár gcolúnaí Cois Fharraigeach Domhnall Ó Braonáin aréir i gComórtas na bhFear. Ní raibh Domhnall ach ocht mbliana d’éag d’aois nuair a ghnóthaigh sé Corn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-Nóis Mhúscraighe in 2019, agus, ach an oiread le Sláine, is caol díreach go barr an chéad chomórtais eile a chuaigh sé tráthnóna Dé hAoine. Beidh Corn na bhFear ag teacht thar Choirib (agus Abhainn Ruibh) abhaile le Domhnall agus é féin cáilithe do Chorn Uí Riada na bliana seo chugainn – corn a ghnóthaigh a mháthair in 2016. Tréaslaímid a bhua éachtach le Domhnall agus guímid gach rath air i gcomórtais na bliana seo chugainn.
Ar deireadh, ghlac eagarthóir na hirise, Maitiú Ó Coimín, páirt sa chomórtas ‘Dreas Cainte’ tráthnóna Déardaoin. Cé nach raibh bua chomh mór céanna le Maitiú is a bhí ag Seán, Sláine, agus Domhnall, tréaslaímid a bhonn cré-umha leis.
