Bus BÁC go Féile na Gealaí lán go béal!

Tá an bus a bheidh ag dul ó Bhaile Átha Cliath go Féile na Gealaí i Ráth Chairn ag deireadh na seachtaine seo chugainn lán go béal ach tá spás fágtha ar an mbus a bheidh ag dul chuig an bhféile Ghaeltachta ó Bhéal Feirste. 

Eagraíodh an dá bhus le lucht freastail na féile a thabhairt ón dá mhórchathair chuig Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí mar gheall ar an éileamh mór ar thicéid ón dá áit sin. Seo í an tríú bliain as a chéile a bheidh Féile na Gealaí á reáchtáil i Ráth Chairn agus tá sí ag dul i méid mar fhéile bliain i ndiaidh bliana. 

Díoladh gach ticéad campála don fhéile roinnt seachtainí ó shin, an chéad uair a díoladh gach ticéad chomh luath sin, agus tá éileamh mór i gcónaí ar na ticéid lae atá go fóill ar fáil. Ní mór do dhuine ar bith atá ag iarraidh suíochán a fháil ar bhus Bhéal Feirste é sin a chur in áirithe roimh an 8 Meitheamh. 

Dúirt Hannah Rua Ní Bhaoill, duine de lucht eagraithe na féile, le NÓS tráthnóna go bhfuil lucht Fhéile na Gealaí “iontach sásta” gur díoladh gach suíochán ar bhus Bhaile Átha Cliath agus go bhfuil súil aici go ndíolfar gach suíochán ar bhus Bhéal Feirste gan mhoill. Thug sí le fios, áfach, go bhféadfadh sé go gcuirfí an bus sin ar ceal sa gcás nach ndíolfaí na suíochán go léir ann. 

Tá liosta le háireamh de cheoltóirí Gaelacha le bheith ag an bhféile cheoil Ghaeltachta an samhradh seo agus súil ag lucht a heagraithe na céadta Gael a mhealladh go machairí méithe na Mí. Ar na ceoltóirí a bheidh ann beidh Emma Ní Fhíoruisce, JJ Ó Dochartaigh, Dó Fá Dó, Scannal, Niteworks, Polca 4, An Crann Óg, Abhainn Bheara, Las, Smugairle Róin agus tuilleadh nach iad. 

Tá dhá imeacht beartaithe ag an ngrúpa Liúnatics don fhéile, ‘Teic-Nós’, seit DJ agus cluichí tráthnóna Dé hAoine agus an ‘Ravechúrsa’, nó rave maidine i bpuball na féile maidin Dé Sathairn. Is iad Ailbhe Ní Riain ó Raidió na Life agus Cairbre Ó Cairealláin as Béal Feirste a bheidh i mbun na n-imeachtaí sin.

Beidh an grúpa filíochta REIC ag an bhféile arís i mbliana agus beidh trí stáisiún raidió, Raidió na Life ó Bhaile Átha Cliath, Raidió Fáilte ó Bhéal Feirste, agus Raidió na Gaeltachta, ag craoladh beo ón láthair. Beidh Pod don Eolach, podchraoladh NÓS á thaifeadadh beo ag Féile na Gealaí freisin. 

Beidh Oireachtas na Gaeilge ag reáchtáil imeacht ag an bhféile agus taispeántas le tabhairt ag iarbhuaiteoirí chomórtais an Oireachtais chomh maith le ceardlanna sa damhsa ar an sean-nós. Beidh imeachtaí ann do theaghlaigh freisin á n-eagrú ag Glór na nGael agus an fear grinn Giggles agus ‘Síog Scéalaíochta’ ar an láthair le siamsaíocht a chur ar fáil do pháistí. 

Anuas ar an gceol, beidh imeachtaí siamsaíochta agus spraoi ann do dhaoine fásta freisin agus ‘cluichí páirce’ beartaithe ag lucht na féile. Beidh rith buinsí agus troid piliúr ann Dé Sathairn chomh maith le comórtas cúl sacair agus ceardlann ar an damhsa boilg. 

Tá “forbairtí móra” déanta ag lucht a heagraithe ar láthair na féile ó bhí anuraidh agus arú anuraidh ann agus súil acu “cuma níos fearr” a chur ar an áit ná mar a bhí riamh. Beidh stáitse mór ann agus pubaill bhreise i mbliana, chomh maith le seastáin bhia agus Boogie Bus, bus mór a bhíonn ag díol deochanna teo agus ag casadh ceoil. 

Beidh bannaí ceoil ag teacht ó Albain agus tá iarrachtaí ar bun ag Féile na Gealaí caidreamh idir-Ghaelach a shocrú agus muintir na hAlban a mhealladh go Gaeltacht na Mí. Tá lascainí ar fáil faoi láthair do mhuintir na hAlban atá ag iarraidh freastal ar Fhéile na Gealaí i mbliana.

SCÉALTA EILE