Cá bhfuair lus na ndraoithe a ainm?

Is féidir an milleán a chur ar Phlinias Mór, a bhí beo beagnach 2,000 bliain ó shin. Chuir sé síos ar dheasghnáth a rinne draoithe sa Ghaill (an Fhrainc inniu). Ghearr siad an drualus a bhí ag fás ar an dair ghallda le corrán óir ar lá áirithe. 

Níl sé cinnte an ag tagairt don lus nó don ghealach a bhí Plinias nuair a scríobh sé omnia sanantem appellantes (ar ar thug siad uile-íoc). Ach dúirt sé gur chreid na Gallaigh go raibh bua ar leith sa phlanda sin  — le haghaidh torthúlachta i ndaoine agus in ainmhithe, agus in aghaidh chuile chineál nimhe.

Ní fhásann an drualus in Éirinn, áfach, agus is ar éigean go bhfásann sé in Albain. Ní raibh ainm dúchasach ag na Gaeil air dá bhrí sin. Bhí scoláirí sa dá thír eolach ar scéal Phliniais nuair a thosaigh an tAthbheochan Ceilteach san 18ú hAois. Thosaigh scoláirí in Albain agus in Éirinn ag cur a gcuid “Ceilteachais” i gcomparáid leis na cuntais ar na Sean-Cheiltigh a tháinig anuas ó na Rómhánaigh agus na Gréagaigh.

D’fhoilsigh an tAlbanach John Cameron an leabhar Gaelic Names of Plants (Scottish and Irish) sa bhliain 1883. Tá iontráil ann ar Viscum album, an planda a bhí i gceist ag Plinias thuas. “Druidh-lus” (.i. draoi-lus) a thug Cameron air, ainm a bhí oiriúnach i bhfianaise scéal Phliniais.

Thug daoine eile ‘uil’-ìoc’ air in Albain, ainm a théann leis an gcuid eile de chuntas Phliniais. Tá ‘uile-íoc’ againn i nGaeilge leis an gciall ‘cure-all’ ach ní chiallaíonn sé mistletoe. 

Chuaigh na foclóirí anseo le “druadh-lus”. (Seanleagan de “draoi” atá in “druadh”.) Ansin rinneadh “drualus” de sa litriú nua. Is léir gur focal léannta atá ann toisc gur comhfhocal é.

Cén fáth ar thug na Gallaigh ómós ar leith don drualus? Tá dhá mhíniú ann. Sa chéad dul amach, thug siad an-ómós don chrann darach, an Quercus robur le bheith beacht. Ní fhásann an drualus ar an gcrann sin go minic. Shíl siad go raibh brí ar leith leis nuair a fuair siad ar an gcrann darach é.

Tá léamh níos nua-aoisí ar an scéal ann. Is planda neamhchoitianta é an drualus toisc nach bhfuil sé ina chrann ná ina thom. Níl sé ina ghruth ná ina mheadhg, mar a deirtear. Fásann sé gan fréamhacha os cionn an talaimh. Is rud idir eatarthu é, rud tairseachúil. Bíonn stádas agus cumhacht go minic ag rudaí mar sin sa mhiotaseolaíocht.

Dála an scéil, ní dócha go bhfuil íoc ná leigheas ag an drualus. A mhalairt ar fad. Tá chuile chuid de nimhneach!

SCÉALTA EILE