1. Ré-Dhamhsa: Tionscadal Van Morrison / IMRAM ar camchuairt, ag tosú anocht sa Ghrianán, Leitir Ceanainn, Dún na nGall, Dé hAoine 25 Meán Fómhair, 8in
Ní i bhfad uainn IMRAM a chairde, féasta cultúrtha a chuireann splanc le siamsa Gaelach an Fhómhair gach bliain.
Coicís ón lá inniu a chuirfear tús leis an mórfhéile seachtaine san ardchathair agus anocht beidh ceolchoirm sa Ghrianán, Leitir Ceanainn, chun tús a chur le camchuairt IMRAM timpeall na tíre.
Rinneadh ceiliúradh ar cheol Leonard Cohen agus Bob Marley sna tionscadail a tháinig roimhe, agus i mbliana táthar ag díriú ar leaganacha Gaeilge d’amhráin an Fheirstigh aitheanta Van Morrison.
Aistrithe ag Cathal Portéir agus Gabriel Rosentock, is iad na draoithe Liam Ó Maonlaí, David Blake, Hilary Bow agus an Brad Pitt Light Orchestra a bheas ar ardán agus déanfar íomhánna éachtacha le Margaret Lonergan a léiriú le linn na ceolchoirme.
Ticéad ar €20/€16 agus tuilleadh eolais le fáil ag angrianan.com
An chuid eile den gcamchuairt:
Déardaoin 1 Deireadh Fómhair – Halla na Cathrach, Gaillimh
Dé hAoine, 2 Deireadh Fómhair – Glór, Inis, Co. an Chláir
Dé Sathairn 3 Deireadh Fómhair – Siamsa Tíre, Trá Lí, Co. Chiarraí
Dé Domhnaigh 4 Deireadh Fómhair – Ionad Ealaíon Dhún Másc, Port Laoise
2) Ceolchoirm sa Ríocht: Niamh Dunne agus Seán Óg Graham / Ionad An Lab, An Daingean, anocht Dé hAoine 25 Meán Fómhair, 8in
Agus iad beirt ina mbaill den mbanna Beoga le fada an lá, tháinig an lánúin cheolmhar Niamh Dunne (veidhlín agus guth) agus Seán Óg Graham (giotár, basúcaí agus bosca ceoil) le chéile mar dhíséad in 2013 chun an albaim amhrán Portraits a thaifead.
Cnuasach speisialta deas d’amhráin atá ann a bailíodh le linn na 10 bliana ar an mbóthar le Beoga.
Bí ag súil le meascán d’amhráin, idir nua agus sean, agus rogha tiúineanna nua-chumtha.
Ticéad: €10. Tuilleadh eolais ar anlab.ie
3) AN CABARET CRAICEÁILTE: ‘Cóisir Craiceáilte Rave-Oireachtais’ / Tí Hiúdaí Bhig, Gaoth Dobhair, Dé Sathairn 26 Meán Fómhair, 9.30in ar aghaidh
Ní bhíonn leithscéal a dhíth ag na Gaeil dul ag cóisireacht.
Ach tá cúis sa bhreis a bheith i láthair ag an gCabaret Craiceáilte an Satharn beag seo, agus iad i mbun ‘réamhchóisir’ Oireachtas na Samhna 2015!
Yeehaa!
I dteannta Rónáin beidh an sár-bhoscadóir Pádraig Ó Sé, an giotáraí Garraí O Briain, an fidléir Jeremy Spencer agus fear na ndrumaí Robbie Harris.
I measc na ngrúpaí a thabharfaidh a n-aghaidhe ar iarthuaisceart Dhún na nGall Dé Sathairn tá ‘Abhainn Bhearra’, grúpa úr réige/gormacha gaelacha as Béal Feirste, ‘Spats Colombo’, racghrúpa ina bhfuil Gaeil as Conamara/Tír Chonaill/Baile Átha Cliath agus Oxford ann, chomh maith le damhsóirí deasa, damhsóirí dalba agus cuid mhór eile.
Tá na buaicphointí siamsa seo á gcur i láthair in éineacht leis an gclár Cormaic ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Craoltar an mhír shiamsaíochta ar an gclár gach Aoine.