Tá Camchuairt an Oireachtais i lár a turais faoi láthair agus é ar siúl i nGaoth Dobhair an deireadh seachtaine beag seo.
Cuireadh tús leis an gCamchuairt ar an gCeathrú Rua Dé Sathairn seo caite le máistir-ranganna agus seisiúin eolais don phobal.
Is sa Chrannóg, Sraith na Corcra, a bheidh na himeachtaí ar bun Dé Sathairn seo, idir 10:00-15:00.
Beidh ranganna amhránaíochta ar an sean-nós, damhsa ar an sean-nós agus scileanna taibhléirithe ar bun do dhaoine óga (faoi bhun 18 mbliana d’aois) agus iad saor in aisce.
Is iad Máire Ní Choilm agus Doimnic Mac Giolla Bhríde a bheidh ag múineadh na ranganna amhránaíochta agus beidh na ranganna damhsa ar an sean-nós á múineadh ag Rónán Ó Conghaile. Beidh Ray Mac Mánais agus Joe Ó Donaill i mbun na ranganna taibhléirithe.
Le freastal ar na ranganna seo, ní mór clárú roimh ré ar shuíomh an Oireachtais.
Ó tharla gur do dhaoine faoi bhun 18 na ranganna seo, caithfear caomhnóir, nó an té a mbeidh i ról an chaomhnóra ar an lá, a chlárú freisin.
D’aon duine ar mhaith leo a bheith ina mbail de chriú an Oireachtais i mbliana, beidh seisiún eolais um chumhdach leanaí á reáchtáil chomh maith. Bíodh is gur ag díriú ar chriú an Oireachtais a bheidh an seisiún seo, tá fáilte roimh an bpobal ann freisin.
Théis na ranganna, tabharfaidh an Chamchuairt deis don phobal clárú do chomórtais ardáin na bliana seo agus cur isteach ar chriú an Oireachtais. Beifear in ann ticéid chuig an Oireachtas a cheannach agus iad ar mhargadh mochóirí agus beidh deis freisin ann plé a dhéanamh ar thuairimí agus ar mholtaí maidir leis an Oireachtas é féin.
Oíche Dé Sathairn beidh seisiún airneáin ar siúl i dTeach Jack, an Ghlasaigh, ag tosú ag 20:30.
Beidh an Chamchuairt ag dul ó dheas an deireadh seachtaine ina dhiaidh sin arís, go Múscraí an 7 Deireadh Fómhair.
Tá gach eolas maidir le hOireachtas na Samhna agus imeachtaí eile le fáil ar antoireachtas.ie.