Inniu Lá an Dreoilín, ní hamháin anseo in Éirinn ach sa tírín Ghaelach cúpla míle mara soir uainn freisin. Is ea go deimhin, ceiliúrtar an Dreoilín i Manainn freisin agus cé go bhfuil roinnt mhaith cosúlachtaí idir an ceiliúradh sa dá oileán tá ócáid mhór speisialta ar siúl i Manainn inniu – an ‘Cammag’.
Tá an fréamh céanna ag an bhfocal ‘cammag’ le ‘camógaíocht’ na hÉireann agus ‘camanachd’ na hAlban agus tá an-chosúlacht idir na trí chluiche. Is é ‘cammag’ cluiche náisiúnta Gaelach Mhanann agus cé nach bhfuil an spórt leath chomh coitianta sa tír sin atá an iomáint anseo in Éirinn ná fiú an chamanachd in Albain, tá áit speisialta aige i measc nósanna Nollag an oileáin.
Inniu Lá Fhéile Stiofáin, tagann muintir thuaisceart an oileáin agus muintir dheisceart an oileáin le chéile ag Balley Keeill Eoin i lár Mhanann le cluiche mór cammag a imirt. Dar le Culture Vannin tá taifeadtaí den choimhlint stairiúil seo ann a shíneann siar céadta blianta agus go bhfuil fianaise ann gurbh é cammag ba mhó a d’imrítí i Manainn go dtí tuairim is céad bliain ó shin nuair a tháinig an sacar chun cinn san oileán.
Mar a tharla in Éirinn, rinneadh iarracht cosc a chur ar an gcultúr Gaelach i Manainn agus tugadh isteach dlíthe in aghaidh theanga agus cluichí dúchais an oileáin i measc nithe eile. Tugadh dlí isteach sa bhliain 1846 a leag fíneáil dhá scilling agus sé phingin ar dhuine ar bith a d’imreodh an cluiche. Is iomaí tagairt i nuachtáin agus foilseacháin eile ón 19ú haois don chluiche, idir thuairiscí ar dhlíthe ina aghaidh agus gearán faoi dhul i léig an chluiche in áiteanna ar nós Doolish.
Ba é Cumann Lúthchleas Gael a chur ord agus eagar – agus rialacha i bhfeidhm – ar na cluichí Gaelacha in Éirinn nuair a bunaíodh an t-eagras sin in 1884. Ó tharla nach raibh a leithéid d’eagraíocht i Manainn, ní bhíodh rialacha chomh soiléir ná dian sin i bhfeidhm ar na cluichí agus ní mar a chéile chuile thuairisc ar an spórt i gcaitheamh na mblianta. D’imrítí cluichí ar thránna, ar pháirceanna spóirt, agus ar bhóithre an oileáin fiú agus ní raibh aon tomhas cinnte ann do theorannacha na láithreach imeartha.
Bhí clubanna áirithe ann, Cumann Cammag Rhumsaa ina measc, a leag a gcuid rialacha féin síos le haghaidh an chluiche ach ní raibh aon leabhar rialacha amháin i bhfeidhm don tír uilig. Chomh maith leis sin, ní bhíodh teorainn ar bith ann maidir le líon na n-imreoirí a bheadh ar fhoireann agus suas le ceathracha duine ar an bpáirc imeartha ag aon am amháin le linn cluichí áirithe.
Inniu féin ní na rialacha chomh docht sin. Bítear ag súil le himreoirí ar an ngarraí ag Balley Keeil Eoin, áit thábhachtach i stair agus cultúr an oileáin, ag 14.00 Lá Fhéile Stiofáin. Bíonn trí ‘leath’ sa chluiche (mar a bhíonn sa haca ach go dtugann na Ceanadaigh ‘trian’ ar an leath’…). Is iad na himreoir féin a dhéanann nó a aimsíonn a gcamán féin, agus ní gá gur camán a bheadh ann ar chor ar bith ach rud a bheadh cosúil leis. Bíonn fáilte is fiche roimh imreoir ar bith agus is cuma cé mhéid duine a bhíonn ar an bpáirc a fhad is a bhítear spórtúil agus gealgháireach.
Más maith leat an Nollaig a chaitheamh thar lear an bhliain seo chugainn nár bhreá a bheith ag imirt seanchluiche na nGael lenár gcol ceathracha Gaelacha i Manainn Lá Fhéile Stiofáin?
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin cammag anseo.