D’fhógair Oireachtas na Gaeilge inné go nglacfaidh an eagraíocht le léirithe spéise ó bhailte ar fud na hÉireann a bheadh ag iarraidh an fhéile mhór náisiúnta Ghaeilge a óstáil.
Déanta na fírinne, d’éirigh mé féin bréan de Chill Airne thart ar an mbliain 2016 nuair a d’fhill an fhéile ar Chiarraí i ndiaidh bliain a chaitheamh i mBaile Átha Cliath. Bhí mé ag an bhféile den chéad uair i gCathair na Mart in 2008 agus thaitin an bogadh timpeall a bhí i gceist le mo bhlianta tosaigh Oireachtais – Corcaigh, Leitir Ceanainn agus Cill Airne. Ach tar éis ceithre nó cúig cinn de bhlianta san áit chéanna bhí an spraoi a bhain le turas bóthair go háit i bhfad as baile imithe i léig.
Tá áthas ormsa, mar sin, go mb’fhéidir go mbeadh muid ag dul go háit nua i gceann dhá bhliain agus thosaigh mé ag machnamh aréir ar na háiteacha arbh fhearr liom.
An Ghaeltacht
Is í an Ghaeltacht mo chéad rogha. Cé gur thosaigh an tOireachtas i mBaile Átha Cliath in 1897 agus gur sa gcathair sin a reáchtáladh 55 eagrán den fhéile ó shin, is muintir na Gaeltachta is mó a shamhlaím an fhéile. Is iad muintir na Gaeltachta croí na féile, dar liom, agus ba bhreá an rud an tOireachtas a thabhairt ar ais go ceantar Gaeltachta éigin. Ba i gCois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe a bhí an chéad Oireachtas Gaeltachta ann, sa mbliain 1974, agus tá súil ag muintir na háite sin ceiliúradh éigin a dhéanamh ar an ócáid an bhliain seo chugainn. Is minic mo mháthair féin ag caint ar an gcraic agus an spraoi a bhí aici féin agus a cuid cairde ag na hOireachtaisí i nGaoth Dobhair in 1977 agus 1980, agus tá muintir an Daingin fós ag caint ar na féilte móra a bhí sa mbaile Gaeltachta sin in 1992 agus 2001.
Faraor, níl an bheocht chéanna sna bailte Gaeltachta is a bhíodh fadó agus go leor de na hionaid mhóra dúnta – Óstán Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill, Óstán na Ceathrún Rua i gConamara, agus Óstán Dhún an Óir i gCorca Dhuibhne. Mar sin féin, tá cúpla áit sa nGaeltacht oifigiúil a d’fhéadfaí a úsáid – baile an Daingin an ceann is mó a ritheann liom agus neart leapacha sna hóstáin ansin chomh maith le hionaid dheasa d’imeachtaí na féile. Tá óstán mór beartaithe don Spidéal i gCois Fharraige freisin agus ionaid éagsúla timpeall an cheantair a d’fhéadfaí imeachtaí a reáchtáil iontu.
An tOirdheisceart
Ní raibh aon ach Oireachtas amháin san Oirdheisceart go dtí seo – Oireachtas Dhún Garbhán in 1999. Ní shamhlaítear an chuid álainn seo den tír leis an nGaelachas chomh minic sin ach tá pobal bríomhar Gaeilge i gCill Chainnigh, Ceatharlach, Loch Garman, agus Cill Mhantáin chomh maith le háiseanna maithe a bhféadfaí féile mhór a reáchtáil iontu. An chéad dá áit a ritheann liom sa gcuid seo den tír ná cathair Chill Chainnigh féin agus baile Cheatharlach. Tá taithí mhaith cheana féin ag an dá bhaile féilte a óstáil. Is i gCeatharlach a bhí an Fhéile Pan Ceilteach le roinnt mhaith blianta anuas, bíonn an-fhreastal ar Fhéile Ealaíon Cheatharlach, agus shílfeá nach dtéann mí tharainn nach mbíonn féile éigin ar siúl i gCill Chainnigh – The Cat Laughs, Yulefest, Kilkenomics, agus Féile Ealaíon Chill Chainnigh ina measc. Más féidir le duine ar bith Oireachtas den scoth a eagrú is í Bríde de Róiste í!
Cúige Uladh
Tá os cionn deich mbliana ann ó bhí an tOireachtas i gCúige Uladh agus 17 mbliana ann ó bhí sé sna Sé Chontae. Ba é Leitir Ceanainn (2009/2012) an baile Oireachtais ba mheasa a raibh mé ann ach ní chuirfinn áiteacha eile i gcontae Dhún na nGall ná i gCúige Uladh trí chéile as an áireamh. Cheiliúr lucht an Oireachtais an céad i mBéal Feirste in 1997 agus ba i nDoire a reáchtáladh Oireachtas na bliana 2006. D’fhéadfaí an fhéile a thabhairt ar ais go ceachtar den dá bhaile áille sin in 2025, nó é a thabhairt go háit eile fós – Iúr Cinn Trá, cathair Ard Mhacha, nó an Ómaigh mar shampla. Tá muintir Chúige Uladh tar éis an dua mór a chur orthu féin dul go Cill Airne bliain i ndiaidh bliana le tamall anuas, nach bhfuil sé in am againn an turas a ghearradh orthu agus Oireachtas atá i bhfad níos gaire don bhaile a thabhairt dóibh?
Gaillimh
Ba é an feall é nár éirigh le muintir na Gaillimhe Oireachtas 2020 a óstáil. Ba mhór an t-údar ceiliúrtha é do mhuintir na cathrach dátheangaí agus do mhuintir na Gaeltachta atá ar leic an dorais nuair a fógraíodh go reáchtálfaí an fhéile i gCathair na dTreabh mar chuid de Chathair an Chultúir 2020 agus ba mhór an t-údar bróin agus díomá nuair a chuir an phaindéim isteach ar mhórán imeachtaí an bhliain chéanna. Tá go leor buanna ag Gaillimh: tá an chathair chomh gar sin don Ghaeltacht go bhfuil cuid di sa nGaeltacht oifigiúil, tá ceangal traenach agus busanna aici le mórán bailte eile, tá fuílleach leapacha turasóireachta ar fud na cathrach agus sna bruachbhailte, agus tá neart spásanna cultúir ann ina bhféadfaí imeachtaí an Oireachtais a reáchtáil – dhá óstán mhóra Bhóthar na Trá agus Leisureland san áireamh. Ó tharla gur baineadh an deis do mhuintir na cathrach an tOireachtas a óstáil in 2020 gurb é is ceart a dhéanamh anois ná an chéad rogha a thabhairt dóibh in 2025.
Thar lear
Idir shúgradh agus dáiríre atá mé agus mé á rá seo, ach nárbh bhreá an tOireachtas a thabhairt amach as Éirinn bliain éigin. Ní dócha go dtarlóidh sé go brách mar gheall ar an gcostas mór a chuirfí ar Ghaeil na hÉireann idir thaisteal agus lóistín, ach nár dheas an fhéile a thabhairt amach chuig na mílte Gael atá ina gcónaí anois sa mBruiséil, mar shampla? Nó an fhéile mhór a reáchtáil in London nó i nGlaschú? Bíonn leagan éigin den Oireachtas ar siúl i gCeanada chuile bhliain agus ceangal idir an dream sin agus Oireachtas mór na hÉireann agus is maith ann an ceangal céanna. Sin an múnla is fearr, i ndáiríre, le féile an Oireachtais a leathnú amach ar fud an domhain. Tá Cumann Lúthchleas Gael tar éis craobhacha agus comhlachtaí eagraithe a bhunú i Meiriceá, ar an Mór-Roinn, agus sa mBreatain. B’fhéidir go bhfuil sé in am ag lucht an Oireachtais tuilleadh féilte a eagrú sna háiteacha céanna níos luaithe sa mbliain agus an cuireadh a thabhairt do bhuaiteoirí ‘Oireachtas na Breataine’, ‘Oireachtas na hEorpa’, nó ‘Oireachtas Mheiriceá’ teacht go hOireachtas na Samhna 2025.