Cath na Scléipeoirí

Tá lúcháir ar NÓS go mbeidh duais speisialta á bronnadh ag an iris den chéad uair ag mórchomórtas Scléip Gael Linn in Amharclann Clasach, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath, inniu Déardaoin 2 Feabhra.

Bronnfar an duais ar an amhránaí nó ar an bhanna a chuireann ‘An tAmhrán Nuachumtha is Fearr’ i láthair ar an lá.

An mhí seo caite reáchtáil NÓS Gradaim Cheoil don dara bliain as a chéile chun aitheantas a thabhairt don nuacheol Gaeilge.

Cuirfear leis an obair sin inniu nuair a bhronnfar duais NÓS ag Scléip Gael Linn agus súil ag an iris go spreagfaidh an duais seo an t-aos óg chun a gcuid amhrán féin a chumadh.

“Is cúis sa bhreis é an gradam seo ag ceoltóirí óga a n-amhráin féin a chumadh as Gaeilge, in áit aistriúchán a dhéanamh ar amhrán Béarla,” arsa Leas-Eagarthóir NÓS, Méabh Ní Thuathaláin, a bheas ag bronnadh na duaise inniu.

“Tá muid ag iarraidh an nuacheol a threisiú agus a láidriú cibé dóigh is féidir linn agus is iontach go mbeidh gradam á bhronnadh againn ag Scléip feasta a thugann aitheantas ar leith do chumadóirí na Gaeilge.”

Is comórtas tallainne é Scléip a thugann ardán do Ghaeil óga a bhfuil féith na cruthaitheachta iontu, atá á eagrú anois ag Gael Linn ar bhonn bliantúil.

Gach rath ar an uile dhuine a bheas páirteach sa Scléip inniu!

SCÉALTA EILE