Tá a fhios ag an saol gur i Meiriceá a tosaíodh ‘Lá Fhéile Pádraig’ mar a aithnítear sa lá atá inniu ann é. Maíonn muintir New York agus Boston araon gur acu-san a bhí an chéad mhórshiúl in ómós éarlamh na hÉireann, agus tá bailte eile ar fud na Stát Aontaithe a chuireann a n-ainm féin chun cinn don onóir sin — St Augustine in Florida mar shampla.
Ach cén chaoi ar tugadh an fhéile go hÉirinn an chéad lá?
Ach an oiread le mórán imeachtaí móra stairiúla ag tús an 20ú hAois, ba é Conradh na Gaeilge a rinne formhór na hoibre. Seans gur ag breathnú siar ar a gclann i Meiriceá a bhí Conraitheoirí Luimnigh ag tús an chéid seo caite nuair a chuir siad rún chun cinn ag Ard-Fheis na heagraíochta go n-aithneofaí Lá Fhéile Pádraig mar ‘Fhéile Náisiúnta’.
Bliain ina dhiaidh sin a eagraíodh Seachtain na Gaeilge den chéad uair, timpeall Lá Fhéile Pádraig 1902. Cuireadh deireadh leis an tseachtain cheiliúrtha teanga le mórshiúl, cineál prototype de pharáid Lá Fhéile Pádraig.
Tuairiscíodh ar nuachtáin Bhéarla na linne gur suas le 20,000 duine a ghlac páirt sa gcéad mhórshiúl sin, a shiúil “trí na sráideanna puitigh” ó Shráid Eabhrac go Margadh na Feirme i mBaile Átha Cliath.
Bhí tuairisc Bhéarla san iris dhátheangach An Claidheamh Soluis a chuir síos ar an imeacht mar “a decidedly Gaelic League demonstration” agus gur ghlac 50 craobh de chuid an Chonartha páirt sa mórshiúl “with their neat and artistic poplin banners and effective tableaux formed in the principal part”.
Lá báistí agus sráideanna puitigh a bhí roimh lucht na chéad pharáide sin i mBaile Átha Cliath, ach ainneoin na haimsire, sheas na mílte i Margadh na Feirme i dtuaisceart na cathrach ag éisteacht le hóráidí Gaeilge ó Chonraitheoirí móra na linne, Dubhghlas de hÍde ina measc. Ba ansin a cuireadh tús leis an mbailiúchán náisiúnta a bhíonn ar siúl ag Conradh na Gaeilge fós an tráth seo bliana.
An bhliain dar gcionn, 1903, ba é an mórshiúl an chéad imeacht de chuid Sheachtain na Gaeilge agus ghlac go leor grúpaí agus eagraíochtaí éagsúla páirt san ócáid. Feictear ar chlár na n-imeachtaí, atá ar fáil sa Leabharlann Náisiúnta, gur ocht rannóg ar fad a shiúil tríd an gcathair go Margadh na Feirme arís.
Ina measc sin bhí lucht ceannais an Chonartha, a bhí i gcarráistí; bannaí ceoil éagsúla; ionadaithe de Chumann Lúthchleas Gael; scoláirí, daltaí scoile agus ionadaithe na n-institiúidí oideachais, Banna Ceoil Ard Aighin ina measc; lucht na gceardchumann; clubanna agus cumainn éagsúla ó cheann ceann na tíre, páirtithe móra polaitíochta na linne; agus Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath; agus go leor eile nach iad.
An mhí chéanna, thug an Feisire Parlaiminte James O’Mara bille isteach go Westminster a rinne lá saoire bainc de Lá Fhéile Pádraig, agus tharraing an Conradh ceist na Féile Náisiúnta aníos ar leathanaigh An Claidheamh Soluis arís in eagrán an Mhárta 1903.
“That the feast of our National Apostle should be duly honoured throughout the lengthe and breadth of Ireland would be tangible and striking evidence of the existence of our distinct nationality, and of the power of the national ideal to affect the national life to a considerable extent.”
Creid lucht an Chonartha go bhféadfaí teacht i dtír ar Lá Fhéile Pádraig le muintir na hÉireann a aontú beag beann ar aicme, creideamh ná polaitíocht, agus go láidreodh ceiliúradh na Féile Náisiúnta na naisc idir dreamanna éagsúla i dtír a raibh go leor deighiltí ann.
“Its special importance to the Gaelic League consists in this, that if the Gaelic League succeeds in causing for the first time within living memory, St Patrick’s Day to be observed generally as a holiday, it will from thenceforward be the greatest force in Irish,” a maíodh san iris dhátheangach.
Éilíodh ar bhaill an Chonartha a seacht míle dícheall a dhéanamh a chinntiú go n-aithneofaí Lá Fhéile Pádraig mar Fhéile Náisiúnta agus go gceiliúrfaí an lá.
Tháinig borradh faoin gceiliúradh bliain i ndiaidh bliana, agus ar ndóigh, bhí imeacht mhór ag Óglaigh na hÉireann Lá Fhéile Pádraig 1916, cúpla seachtain roimh Éirí Amach na Cásca.
Bhí an chéad mhórsiúl “oigifiúil”, a raibh tacaíocht an stáit aige, ann in 1931 i mBaile Átha Cliath, agus tá an fhéile ag dul ó neart go neart ó shin.