Ceardlann na gCurach do leanaí…

Ceardlann na gCurach do Leanaí, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé Sathairn, 20 Deireadh Fómhair @ 11:00

Táim ana-thógtha le tamall anuas leis na himeachtaí ealaíonta, cruthaitheacha atá ar bun ag foireann na Cultúrlainne i mBéal Feirste. Cuirim i gcás, ceardlann an tSathairn, nuair a fháilteofar roimh leanaí óga agus a dtuismitheoirí teacht chun báid bheaga rámhaíochta —an curach, nó fiú an naomhóg — a chruthú as an nua. Is ag baint úsáide as saileach, a dhéanfar amhlaidh, agus deis acu amach anseo í a chur ar uisce! Tá teorainn leis an méid daoine gur féidir a bheith ag an ócáid teaghlaigh seo, mar sin is fiú teagmháil a dhéanamh leo roimh ré, le d’áit a chinntiú.

Cluiche Ceannais na Craoibhe Iomána 2018 – Sóisear D, Páirc Lorcáin Uí Thuathail, Cromghlinn, Dé Domhnaigh, 21 Deireadh Fómhair @ 10:15

Beidh tacaíocht á lorg ag foireann Na Gaeil Óga agus iad ag tabhairt faoi pháirc na himeartha i gcoinne Naomh Seosamh, Buachaillí Uí Chonaill ag an deireadh seachtaine. Seo an dara huair dóibh aghaidh a thabhairt ar an bhfoireann seo, i gcluiche ceannais na craoibhe (san iomáint, sóisear D). Beidh lucht tacaíochta agus bainistíochta an chumainn i láthair i bPáirc Lorcáin Uí Thuathail nuair a chaithfear an sliotar isteach maidin Dé Domhnaigh! Bí leo, óna 10:15!

Club Leabhar Chultúrlann Uí Chanáin, Doire, Déardaoin, 25 Deireadh Fómhair @ 17:00

Tá leabhar Roald Dahl, The Twits, as Gaeilge á léamh agam faoi láthair – Na Gamaill, agus is mé atá ag baint taitnimh as. Tá leabhar eile dá chuid aistrithe chomh maith agus é idir chamáin ag Club Leabhar Chultúrlann Uí Chanáin d’ócáid na míosa seo. Pléifear Danny Seaimpín an Domhain Déardaoin seo chugainn, agus más áil leat a bheith i measc na léirmheastóirí, buail isteach chuig an gCultúrlann. 

Gradaim Folk Radio 1, Vicar St., Déardaoin, 25 Deireadh Fómhair @ 19:30

Tá borradh faoi láthair faoi cheol folk nó ceol tíre mar a tugtar air as Gaeilge, sa chiall is leithne! Bronnfar gradaim orthu siúd atá ag saothrú i ngort na stíle sin Déardaoin seo chugainn, nuair a bheith an chéad ócáid dá leithéid, atá eagraithe ag Radio 1, ar bun. Sráid an Bhiocaire atá roghnaithe mar ionad agus tabharfar amach naoi ngradam ar fad ar an oíche féin. Ní hamháin sin, ach beidh plúr na gceoltóirí ar stáitse chomh maith, cuirim i gcás Andy Irvine, Muireann Nic Amhlaoibh, Christy Moore, Lankum, Landless, Iarla Ó Lionáird agus The Lost Brothers. Is féidir ticéid a cheannach ó Ticketmaster cheana féin!

Pop Up Gaeltacht, The Black Sheep, Sráid Chéipil, Déardaoin, 25 Deireadh Fómhair @ 20:00

An mbeidh seachtain ar bith ann nach mbeidh Pop Up Gaeltacht ar siúl in áit éigin timpeaill an domhain mhóir? Níl an chuma sin ar an scéal! Beidh teacht le chéile ar bun an tseachtain seo sa Black Sheep ar Shráid Chéipil. Tá rogha leathan beorach acu sa tábhairne seo le beoracha ceirde ó thíortha éagsúla an domhain acu, mar aon le bia blasta agus cluichí boird! Bí ag imirt agus i mbun spraoi le Gaeil na hArdchathrach óna hocht.

SCÉALTA EILE