Ceardlann scríbhneoireachta i mBéal Feirste

This is How We Fly, Camchuairt Náisiúnta, 2-18 Samhain’18

Mura bhfuil siad cloiste go fóill agat, mholfainn duit éisteacht leis an mbanna This is How We Fly. Ceol comhaimseartha na nDaoine, le stíl an tsnagcheoil fite fuaite go mín tríd. Ceathrar atá sa bhanna: Caoimhín Ó Raghallaigh agus Seán Mac Erlaine na tíre seo, Petter Berndalen na Sualainne, agus an Meiriceánach Nic Gareiss. Tá cúpla albam go dtí seo eisithe acu, agus anois tá siad ar tí tabhairt faoi chamchuairt náisiúnta. Tabharfaidh siad faoi Chorcaigh, Sligeach, Gaillimh, Cill Dara, Baile Átha Cliath, Co. na Mí agus fiú London as seo go deireadh na bliana. Tá na dátaí cruinne beachta liostáilte ar thisishowwefly.net 

The Cripple of Inishmaan, Áras Chrónáin, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, 3 & 4 Samhain @ 20:00

Is iad Aisteoirí Chrónáin, atá lonnaithe i gCluain Dolcáin, a léireoidh The Cripple of Inishmaan, dráma clúiteach an údair Martin McDonagh sna laethanta romhainn. Beidh aisteoirí na háite le feiscint ar stáitse ní hamháin Dé Sathairn ach Dé Domhnaigh chomh maith! Léirigh do chuid tacaíochta dóibh agus bí i láthair ag an deireadh seachtaine in Áras Chrónáin!

Ceithre Bhean Déag as an Ghearmáin, Institiúid Goethe, Cearnóg Mhuirfean Dé Máirt 6 Samhain @ 18:30

Léifear sleachta as leabhar Sylvia Bledow, ‘Ceithre Bhean Déag as an Ghearmáin’ i nGaeilge, agus an t-aistriúchán Gearmáinise ag ócáid a bheidh ar siúl an tseachtain seo san Institiúid Goethe, ar Chearnóg Mhuirfean. Ina dhiaidh sin beidh comhrá agus plé oscailte faoin saothar féin, cúrsaí scríbhneoireachta, mar aon leis an Ghaeilge in Éirinn agus sa Ghearmáin. Tá ticéid ar díol cheana féin agus is féidir iad a cheannach ach an nasc seo a leanúint

Ceardlann Scríbhneoireachta Chló Iar-Chonnacht, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Dé Sathairn 17 Samhain (sprioc d’iarratais 6 Samhain)

Tá ceardlann scríbhneoireachta á heagrú ag Cló Iar-Chonnacht i mBéal Feirste go luath, (17 Samhain), ach tá an sprioc le bheith istigh ar an gcúrsa ag teannadh linn! Is dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge a bheidh an cheardlann seo atá eagraithe i gcomhar le Scoil na Gaeilge agus na Ceiltise in Ollscoil na Banríona. Is iad Micheál Ó Conghaile agus Fionntán de Brún a bheidh mar stiúrthóirí ar an gceardlann. Is cuma más scríbhneoir foilsithe thú, nó más é go bhfuil cumas éigin léirithe agat sa cheird ach nár éirigh leat díriú air go fóill. Má tá suim agat a bheith i láthair, is gá duit sampla dod’ shaothar a sheoladh roimh an 6 Samhain chuig moccic@eircom.net  Bíodh gur gearrscéal é atá scríofa agat, dán, splancscéal nó úrscéal! Go n-éirí libh!

Cartlann, Ceol, Cuimhní, An Taibhdhearc, Dé Céadaoin 7 Samhain @ 20:00

Cartlann, Ceol, Cuimhní’ is teideal don ócáid a bheidh ar siúl sa Taibhdhearc an tseachtain seo chugainn. Is i gcomhar le Arts in Action atá sé seo á heagrú. Is í an t-aisteoir Siobhán McKenna a bheidh faoi chaibidil ag Lelia Doolan, cara léi, agus í i mbun cainte ar a saol agus a saothar. Beidh ceol agus amhráin le clos ar an oíche ó Rita Connolly a chanfaidh amhráin lena fear céile, Shaun Davey, le tionlacan ó bhanna beag ceoil. Fear ceolmhar atá roghnaithe mar fhear an tí, sin é Lillis Ó Laoire agus beidh an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh ar an láthair chomh maith chun tús a chur leis an imeacht!

Seoladh an albaim, An Tobar Séimh le Cárthach Mac Craith, Déardaoin 8 Samhain @ 21:00/ Old Ground Hotel, Inis, Co. an Chláir Dé Domhnaigh 11 Samhain @ 15:00

An Tobar Séimh teideal dhlúthdhiosca Chárthaigh Mhic Craith, an chéad albaim aonair atá eisithe ag an gceoltóir aitheanta seo, a bhfuil a ainm in airde le fada. Tá ceithre amhrán déag ar an CD agus formhór acu tagtha ó Rinn Ó gCuanach i gceantar na nDéise, a bhaile féin. Seoladh ag anOireachtas inniu é, ach beidh seoladh eile ar siúl i dtábhairne an Cobblestone Déardaoin seo chugainn, agus ceann eile arís ar an 11 Samhain in Inis, Co. an Chláir. Táim ag súil go mór le cluas le héisteacht a thabhairt dá shaothar!

SCÉALTA EILE