Ceathrú Jamon agus Cervezas – Riachtanach d’aon Seisiún Ceoil

An gcreidfeá nach gá dul go hÉirinn chun seisiún ceol traidisiúnta a chloisteáil faoi lán seoil? Tá sráidbhaile darb ainm Paiporta thart ar 10 nóiméad taobh amuigh de chathair Valencia sa Spáinn, le mionsráideanna áille agus cearnóg mhargaidh ghleoite.

Bhí ionadh orm ar an Satharn seo caite nuair a thug mé cuairt ar Paiporta agus céard a bhí os mo chomhair sa phríomhchearnóg ach grúpa ceoltóirí ag seinnt cheol traidisiúnta na hÉireann. Bhí timpeall 25 díobh ann agus iad uilig ag seinnt uirlisí ceoil éagsúla. Bhí cúpla fidil, feadóga stáin, go leor bodhrán, consairtín nó dhó agus fiú píb uilleann ag na ceoltóirí cumasacha a bhí ag seinnt. B’aoibhinn an radharc é. 

An-seans go ritheann cúpla ceist leat ag an bpointe seo ach sea, creid nó ná creid, is radharc comónta é seo in Valencia agus an ceantar máguaird, a bhuí le VICA, an Valencia Irish Cultural Association. Tá VICA ag dul ó neart go neart ó bhunaigh Dermot Hurley an t-eagras. Chinn Dermot ar an bpobal a bhunú chun cultúr na hÉireann a chothú agus a spreagadh ina chathair nua. Ón méid a chonaic mise sa chearnóg in Paiporta, tá jab den scoth déanta acu go dtí seo. 

Chuir sé gliondar ar mo chroí nuair a d’fhoghlaim mé gur ócáid bhailithe airgid a bhí i gceist chun airgead a thiomsú tar éis na dtuilte millteanacha, nó DANA mar a ghlaoitear orthu, a bhuail pobal Valencia le déanaí anuraidh. Tháinig VICA agus Caceres Irish Fleadh (grúpa an-chosúil le VICA in iarthar na Spáinne) le chéile chun a dtacaíocht a léiriú do na céadta a raibh drochthionchar ag na tuilte uafásacha orthu, trí mheán an tseisiúin ceoil spleodraigh seo.

Atmaisféar aoibhinn a bhí le brath ann ar lá breá grianmhar. Bhí cathaoir ag gach seinnteoir agus cruthaíodh ciorcal ollmhór chun spás a thabhairt dóibh uilig. Bhí cúlra pictiúrtha le feiceáil taobh thiar den chiorcal agus ina measc, crainn phailme a bhí ag luascadh le gaoth, in éineacht le Britches Full of Stitches. An bhfaca tú a leithéid riamh? 

Bhí cervezas ar díol ar thaobh an bheáir thraidisiúnta Spáinnise i lár na cearnóige ar €2. Sladmhargadh! Agus na ceoltóirí faoi lán seoil, amach le triúr ag rince os comhair an tslua gan stró. Bíonn an-ocras ort lá bainte móna, mar a deirtear, agus obair ocrach a bhí i gceist anseo. Tortilla (uibheagán Spáinneach) agus liamhás álainn (gearrtha go tanaí) an bia ba rogha leis an ngrúpa ceoil seo. Rogha chliste óir bhí siad in ann rud beag a sciobadh le linn an tseisiúin agus iad ag glanadh an allais dá n-éadain faoi ghrian Valencia. Aoibhneas na bhflaitheas! 

Rud a chuir aoibhneas agus mearbhall orm féin ná an easpa Éireannach a bhí ann. Ba as an Spáinn do 80% den dream a bhí i láthair ach an rud a bhí comónta fúthu – grá agus paisean dár gcultúr, dár gceol agus dár gcraic. Bhí sé éasca go leor na hÉireannaigh a aithint. Cuma na nÉireannach a bhíonn orainn is dócha. Ní féidir liom mo mhéar a leagan ar cén tréith nó cén chuma atá i gceist, ach bíonn sé ríshoiléir. Cabhraíonn canna Guinness i lár Paiporta nuair atá gach uile dhuine eile ag ól Estrella Galicia. Cabhraíonn sé go mór! 

Comhghairdeas le VICA agus Caceres Irish Fleadh a bhailigh airgead dóibh siúd ar imir DANA tionchar orthu. In éineacht leis an ngníomh cineálta seo, chuir sibh lá den chéad scoth ar fáil do phobal Valencia, a chaith iarnóin Shathairn ag rince, ag canadh agus ag ól faoi ghrian na Spáinne. Ba phléisiúr domsa samplaí áille d’éagsúlacht chultúrtha agus cothú cultúir i mo bhaile nua. Ar mo nós féin atáim anseo in Valencia. 

SCÉALTA EILE