Céilí Mór Sheachtain na Gaeilge, Club Chonradh na Gaeilge, Dé hAoine, 9 Márta @ 20:00
A haon, a dó, a trí… bog ar aghaidh! An bhfuil rincí na gcéilithe ar eolas agat? An bhfuil céimeanna ar fad Fhallaí Luimnigh de ghlanmheabhair agat? Má tá, bí i láthair ag Céilí Mór Sheachtain na Gaeilge, mura bhfuil, ná bíodh eagla ort, beidh fáilte mhór romhat ina ainneoin san! Baileoidh na sluaite (bhí breis is 100 i láthair anuraidh!) i gClub Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair Dé hAoine, mar chuid d’imeachtaí na seachtaine atá ar bun timpeall na tíre ar fad!
Fíochán Filí, Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Bhuirne, Dé hAoine, 9 Márta @ 20:30
Leanfaidh camchuairt na bhfilí agus na gceoltóirí, ar cuireadh tús leis in ionad ealaíne An Lab, arís i mbliana. Ba iad muintir an ionaid sin, i gCorca Dhuibhne, a bhí i mbun Fíochán Filí, ceiliúradh ar thraidisiún seanbhunaithe Gaeltachta na filíochta agus ar fhás thraidisiún nuálach cathrach na Gaeilge, le sraith d’imeachtaí eagraithe timpeall na tíre. Sna míonna romhainn, díreofar ar Ghaeltachtaí agus ar Ghalltachtaí na Mumhan. Déanfar athbheochan ar an tsraith i mBaile Bhuirne ar dtús báire Dé hAoine seo chugainn, áit a mbeidh Colm Breathnach agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh i mbun na filíochta. Ina dteannta beirt, beidh an ceoltóir cumasach Méabh Ní Bheaglaoich. Tá súil acu na himeachtaí seo a thabhairt go Cléire agus bailte i gcontaetha an Chláir, Luimnigh agus Thiobraid Árann i rith na bliana, treise leo!
An Comórtas Náisiúnta don Amhrán Náisiúnta don gComórtas Pan Cheilteach, Óstán an Seven Oaks, Ceatharlach, Dé Sathairn, 10 Márta @ 20:00
Roghnófar amhrán na hÉireann a bheidh san iomaíocht don gComórtas Idirnáisiúnta sa bhFéile Pan Cheilteach i mbliana Dé Sathairn beag seo. Is i gCeatharlach a bheidh an comórtas náisiúnta ar bun in Óstán an Seven Oaks. 20 iontráil ar fad atá ar an ngearrliosta agus cuirfidh na ceoltóirí agus amhránaithe a saothar nua-chumtha i láthair na ndaoine, ina measc moltóirí an chomórtais. Is iad Alan Swan, ceannasaí ceoil 2FM, mar aon leis na ceoltóirí Rossa Ó Snodaigh agus Pádraigín Caesar a bheidh i mbun an chúraim sin. Tá liosta le háireamh d’iomaitheoirí feicthe agam, le leithéidí Phádraig Jack, Bhríd Ní Mhaoileoin, Lauren Ní Chasaide, Róisín Seoighe agus Phóil Uí Cholmáin san áireamh. Ní ansin ach blaiseadh bídeach – 5/20! Fuair lucht Ghlór Cheatharlach, a bhíonn i mbun an chomórtais, breis is daichead iarratas ar fad i mbliana. Is canathaobh nach bhfaighidís, le duais chomh breá le €1,000 dóibh siúd a thiocfaidh sa chéad áit; €200 don dara háit, agus €100 don tríú háit, a bhuíochas le IMRO, atá ag déanamh urraíochta ar an gcomórtas i gcomhar le Gael Linn, an Pan Cheilteach agus Glór Cheatharlach. Ní hamháin go bhfuil duais airgid le fáil ag an mbuaiteoir ach duais níos tábhachtaí, seans, ná go mbeidh siad ag canadh ar son na tíre seo ag an gcomórtas idirnáisiúnta a bheidh ar bun um Cháisc i Leitir Ceanainn. Go n-éirí go geal leo siúd ar fad a bheidh bainteach slí amháin nó eile leis an imeacht!
Dearmad na Fola le hAodh Ó Domhnaill, Amharclann Smock Alley, BÁC, Dé Máirt (réamhléiriú), 13–17 Márta @ 20:00
Baineadh creathadh as saol na Gaeilge agus saol na drámaíochta araon ag deireadh mhí Eanáir nuair a tháinig an scéala chugainn go raibh an drámadóir aitheanta, léiritheoir, agus cara mór linn, Aodh Ó Domhnaill, tar éis bháis. D’fhág Aodh a rian ar scata; rian a mhairfidh i bhfad ar bhaill an ghrúpa drámaíochta Aisteoirí Bulfin, go háirithe. Do bhí an grúpa sin i mbun cleachtadh ar dhráma nua ó pheann an údair nuair a tháinig an drochscéala faoina bhás. Tá mórán oibre ó shin curtha isteach sa saothar agus léireofar é le linn Sheachtain na Gaeilge, in Amharclann Smock Alley na hardchathrach. Ómós cuí d’fhear ildánach; is é a bheadh bródúil.
Díríonn an dráma seo ar fhorbairt na teicneolaíochta ar ár sochaí agus an chumhacht agus smacht a d’fhéadadh a bheith ag comhlachtaí móra orainn mar dhaoine.
Is é Cathal Póirtéir atá i mbun an léirithe agus ceathrar ar an stáitse le linn an dráma, na haisteoirí Áine Ní Ghlinn agus a mac Seán Mac Dhonnagáin, Mícheál Ó Gruagáin agus Aoileann Ní Chonchubhair agus dornán beag aisteoirí eile, ar a dtugtar na Bréagadáin, teideal oibre an dráma dála an scéil, go dtí gur baisteadh Dearmad na Fola air.
Beidh réamhléiriú ar siúl Dé Máirt seo chugainn, agus leanfaidh an seó ansin ón gCéadaoin go dtí an Satharn, Lá ’le Pádraig. Gach eolas ach cuairt a thabhairt ar www.smockalley.com.
Seoladh an leabhair The Irish Outlander, Ionad na Scríbhneoirí, Cearnóg Parnell, Dé Céadaoin, 21 Márta @ 18:30
Tá leabhar scríofa ag an mBleá Cliathach, Scott de Buitléir, darb teideal The Irish Outlander. Díríonn an saothar seo ar an tuiscint atá againn ar an mbaile agus cé chomh luachmhar is atá sé dúinn, ach go háirithe mar Éireannaigh. Chaith Scott tamall ag maireachtaint in Nottingham, Sasana, ach do bhog sé abhaile go hÉirinn le déanaí. Is ag tógaint ar a thaithí agus ar a scéal pearsanta féin atá sé sa leabhar seo. Seolfar é in Ionad na Scríbhneoirí, ar Chearnóg Parnell Dé Céadaoin seo chugainn, áit a mbeidh an lucht freastail in ann cóipeanna a cheannach, i bhfoirm leabhair nó in eagrán oiriúnach do Kindle, mar aon le sólaistí a bheith acu! Le bheith i láthair, ní mór teachtaireacht a sheoladh chuig hello@scottdebuitleir.com.