Ceiliúr na bPréachán

Is dual don fhéile litríochta IMRAM téama a roghnú dá dtionscadail mhóra agus anocht in Amharclann an Smock Alley déanfar ceiliúradh ar an phréachán sa léiriú úrnua ‘Cleasaí Éin: Tionscadal an Phréacháin’, atá ar cheann de mhórimeachtaí na féile i mbliana.

Seó ilmheáin atá i gceist, a bheas ag eitilt idir seandánta, amhráin, ceol agus saothar nuachumtha a bhaineann leis an éinín beag lán diabhalaíochta.

Ag labhairt dó le NÓS dúirt Liam Carson, Stiúrthóir IMRAM, go raibh sé ‘an-tógtha’ faoin phréachán riamh anall agus gur iontach an deis é aird a tharraingt ar  ‘ról lárnach’ an phréacháin sa litríocht.

“Is iomaí dán agus amhrán a thagraíonn don phréachán i dtraidisiún litríochta agus amhránaíochta na Gaeilge agus is amhlaidh mar atá i litríocht an Bhéarla, glac mar shampla Crow, mórchnuascach filíochta le Ted Hughes.

“Ar ndóigh tá baint ag an phréachán le cúrsaí miotaseolaíochta timpeall na cruinne chomh maith,” ar sé.

Crow_PROJECT_JPGs.073

I dtraidisiún béaloidis na nGael, samhlaítear an charóg leis an Mhór-Ríon, bandia cogaidh agus báis.

Sa tSualainn, is amhlaidh mar atá i gcás an fhiaigh dhuibh, a chreidtear gur taibhse duine a dúnmharaíodh é.

Bhíodh áit lárnach ag an phréachán i gcleachtas spioradálta na mbundúchasach Meiriceánach chomh maith.

Creideadh gur éan beannaithe é an préachán a raibh de chumas aige an marbhán a thabhairt chun na bhflaitheas ar Lá an Luain, agus é ag eitilt ar chleití an phréacháin.

Is cliste agus is mioscaiseach é an t-éinín beag dubh, a bhfuil féith na cleasaíochta ann go smior agus tabharfar suntas d’oidhreacht an phréacháin le linn na hoíche.

Crow3

I measc na n-iontas sa seó, cuirfear sraithdhánta le Liam Ó Muirthile i láthair chomh maith le Haiku-anna aistrithe go Gaeilge ag Gabriel Rosenstock, a dtionlacan ag na préacháin féin, taifeadta i gCo. na Mí ag an draoi fuaime Slavek Kwi Black Crow.

Beidh leagan Gaeilge den amhrán mór ‘Black Crow’ le Joni Mithcel á cheol ag Caitríona O’Leary, agus dánta i nGaeilge, i nGaeilge na hAlban agus i mBéarla le Máire Dinny Wren, Dairena Ní Chinnéide, Gréagóir Ó Dúill agus filí eile nach iad, ar fad bunaithe ar théama na caróige.

Is é an t-iluirliseoir Seán Mac Erlaine a chuirfidh fuaimrian na hoíche i láthair beo agus beidh íomhánna áille den phréachán á léiriú ar theilgeoir cruthaithe ag Margaret Lonergan

Bígí i láthair ag 8in sa Smock Alley Theatre, Sráid an Mhalartáin Íochtarach, Barra an Teampaill, Ticéad: €10 (01) 6770014 nó ar smockalley.com

SCÉALTA EILE